Ba pholaiteoir agus Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe é Spencer Perceval (1 Samhain 176211 Bealtaine 1812), an t-aon duine amháin a feallmharaíodh le linn dó a bheith ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe (agus an t-aon Ard-Aighne no Aturnae Ginearálta a bhí ina Phríomh-Aire ina dhiaidh sin).[1]

Infotaula de personaSpencer Perceval

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Samhain 1762
Mayfair, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Bealtaine 1812
49 bliana d'aois
Westminster, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaSt Luke's Church (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
4 Deireadh Fómhair 1809 – 11 Bealtaine 1812 (bás in oifig)
← William Cavendish-BentinckRobert Jenkinson, 2ú hIarla Learphoill →
Céad Tiarna an Státchiste
4 Deireadh Fómhair 1809 – 11 Bealtaine 1812 (bás in oifig)
← William Cavendish-BentinckRobert Jenkinson, 2ú hIarla Learphoill →
Ceannaire Theach na dTeachtaí
Aibreán 1807 – 11 Bealtaine 1812
← Charles Grey, 2ú Iarla GreyRobert Stewart, Bíocunta an Chaisleáin Riabhaigh →
Seansailéir an Státchiste
26 Márta 1807 – 11 Bealtaine 1812 (bás in oifig)
← Henry Petty-Fitzmaurice, Tríú Marcas LansdowneNicholas Vansittart, 1st Baron Bexley (en) Aistrigh →
Seansailéir Dhiúcacht Lancaster
1807 – 1812
← Edward Smith-Stanley, 12th Earl of Derby (en) AistrighRobert Hobart, 4ú hIarla Buckinghamshire →
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige
15 Aibreán 1802 – 12 Feabhra 1806
← Edward Law, 1st Baron Ellenborough (en) AistrighArthur Piggott (en) Aistrigh →
Ard-Aturnae Shasana agus na Breataine Bige
1801 – 1802
← William Grant (en) AistrighThomas Manners-Sutton, 1st Baron Manners (en) Aistrigh →
Ball de 4ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe


Toghcheantar: Northampton
Ball den 18ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 18th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Northampton
Ball de 3ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe


Toghcheantar: Northampton
Ball de 2ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe


Toghcheantar: Northampton
Ball de 1ú Pharlaimint na Ríochta Aontaithe


Toghcheantar: Northampton
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Ball de 17ú Parlaimint na Breataine Móire

Toghcheantar: Northampton
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge
Scoil Harrow Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na dTóraithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJane Wilson (1790–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSpencer Perceval, Frances Perceval, Ernest Augustas Perceval, Louise Perceval, Michael Henry Perceval, Frederica Elizabeth Perceval, Isabella Perceval, Dudley Montagu Perceval, John Thomas Perceval, Jane Perceval, Frederick James Perceval, Henry Perceval, Maria Perceval Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Perceval  agus Catherine Compton, Banbharún Arden
SiblínJohn Perceval, 3ú hIarla Egmont, Charles Perceval, Dara Barún Arden, An Bhantiarna Margaret Perceval agus An Bhantiarna Frances Perceval
Croineolaíocht
11 Bealtaine 1812feallmharú Spencer Perceval (Tithe na Parlaiminte) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


Find a Grave: 10188 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Ba é an seachtú mac é ag piara de chuid na hÉireann, John Perceval, an dara Iarla Egmont. Bhí sé ina dhalta de chuid Scoil Harrow agus ina mhac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide, Cambridge.

Tar éis dó dul isteach in Ósta Lincoln, glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1786. Tríd an lucht aitheantais a bhí ag a dhaoine muinteartha, fuair sé roinnt post beag agus mionteagaisc de chuid na Corónach agus d'fhorbair sé cleachtadh láidir mar abhcóide. Dhiúltaigh sé do phost Phríomh-Rúnaí na hÉireann sa bhliain 1795 toisc nach raibh sé ar a acmhainn an phost a ghlacadh (ag am a bháis d'fhág sé baintreach agus naonúr páistí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois). Glaodh chun an Bharra Laistigh ar Perceval sa bhliain 1796 agus lean sé ar aghaidh mar abhcóide agus ó ina fheisire chomh maith, mar ba ghnách ag an am.

 
Spencer Perceval

Polaitíocht cuir in eagar

Toghadh Perceval mar dhuine de na teachtaí parlaiminte le haghaidh Northampton i bhfothoghchán sa bhliain 1796. Lean sé ar aghaidh mar sin go dtí go bhfuair sé bás; níor sheas éinne ina aghaidh ach uair amháin. Tacaí dílis de chuid Pitt Óg ab ea é (cé go raibh drogall air an lipéad "Tóraí" a ghlacadh) agus bhain sé dea-cháil amach go tapa mar fhear mór díospóireachta.

Bhí sé ina Aturnae Ginearálta idir 1801 agus 1802 agus ina Ard-Aighne idir 1802 agus 1806, nuair a ceapadh rialtas nua tar éis bhás Pitt. Bhí sé ina Sheansailéir ar an Státchiste agus ina Sheansailéir ar Dhiúcacht Lancaster ó 1807 go 1812 agus ina Phríomh-Aire ag an am céanna ó 1809 go 1812.

Níor fhág Perceval oidhreacht pholaitiúil mhór, cé go raibh meas air mar gheall ar a bhrí agus a fhuinnimh agus ar an méid a rinne sé de ghrá an dualgais agus ar an gcumas a thaispeáin sé agus é ag treorú an chuid is mó de bhearta na rialtais trí Theach na dTeachtaí go pearsanta. Mar a dúirt Henry Grattan, níor long chomhraic a bhí ann, ach d'iompar sé a lán gunnaí, bhí sé uisce-obach agus é amuigh i ngach cineál aimsire.

 
John Bellingham

Éire cuir in eagar

Ó ba rud é gur Anglacánach soiscéalach é, agus buinneán de chuid na Cinsealachta chomh maith, bhí Perceval go diongbháilte in éadan Fhuascailt na gCaitliceach, fiú nuair a ghlac a mheantóir Pitt leis an smaoineamh sin.

Feallmharú cuir in eagar

 
Feallmharú

Feallmharaíodh Spencer Perceval ar an 11 Bealtaine 1812. Lámhaigh fear gnó, John Bellingham, é. Bhí Bellingham míshásta faoi rialtas na Breataine ar bhonn pearsanta. Faoi cheann seachtaine a triaileadh agus crochadh Bellingham.[2]

Is cosúil go raibh Bellingham as a mheabhair ach crochadh é ina ainneoin sin. Ansin dioscadh corp Bellingham ina bpíosaí beaga (mar ba ghnáth ag an am, chun taighde leighis a dhéanamh agus b'fhéidir chun cosc a chur air dul chun na bhFlaitheas). Sa chás seo, choinnigh na máinlianna croí Bellingham beo ar feadh ceithre huaire i ndiaidh a chrochadh, éacht nach beag ag an am. Tá blaosc Bellingham ar taispeáint inniu in Ollscoil Queen Mary, Londain.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. UCD School of Law (2020-05-11). "Spencer Perceval" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-11.
  2. Miles Goslett (2012-05-01). "Blood in the House of Commons! Two hundred years on, the shocking story of Spencer Perceval, the only British PM to have been assassinated". Mail Online. Dáta rochtana: 2020-05-11.
  3. Ollscoil Queen Mary - Pathology Museum. "Bellingham's Skull". www.qmul.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-05-11.