Spideog bhroinndearg

speiceas éan

Is éan beag pasaireach í an spideog bhroinndearg (Erithacus rubecula) a aimsítear go forleathan san Eoraip agus i dtuaisceart na hAfraice .[1] Aithnítear an spideog go héasca ón mbrollach dearg a bhíonn aici. Tá glór binn aici agus feictear go minic í i ngairdíní tuaithe agus cathrach, go háirithe nuair a bhíonn tochailt ar siúl. Tá sí le fáil fud fad na hEorpa, soir go dtí iarthar na Sibéire agus ó dheas go dtí an Afraic Thuaidh; bíonn sé suiteach sa chuid is mó dá raon ach amháin an taobh ó thuaidh.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSpideog bhroinndearg
Erithacus rubecula Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais2.4 g (meáchan breithe) Cuir in eagar ar Wikidata
Réise sciathán21 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál4.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir15 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22709675 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineMuscicapidae
GéineasErithacus
SpeiceasErithacus rubecula Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tacsanomaíocht agus córasaíocht cuir in eagar

 
Spideog ina shuí ar fhál i Briostó i Sasana
 
Cuculus canorus + Erithacus rubecula

Rinne Carl von Linné cur síos ar an spideog sa bhliain 1758 sa 10ú heagrán dá Systema Naturae faoin ainmníocht dhéthéarmach Motacilla rubecula.[2] Is laghdach é an buafhocal speiceasach rubecula díorthaithe ó fhocal Laidineach rubar 'dearg'. [3] Thug an nádúraí Francach Georges Cuvier an ghéineas Erithacus isteach sa bhliain 1800, ag tabhairt a ainm déthéarmach reatha E. rubecula don éan. Is as an tSean-Ghréigis an t-ainm ghéineas Erithacus agus tagraíonn sé d’éan anaithnid, a aithnítear anois mar spideog.[4][5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Erithacus rubecula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Carl Linnaeus, 10 Eagrán, Holmiae. (Laurentii Salvii), 1758 ,lth 188 | url=https://www.biodiversitylibrary.org/page/727097
  3. Cassell's Latin Dictionary, 1979, 5ú Eagrán, lth 883
  4. Ernst Paynter, 1964, Check-list of Birds of the World. Iml.10, Museum of Comparative Zoology, Cambridge, Massachusetts, lth. 32. url=https://www.biodiversitylibrary.org/page/14486221
  5. Georges Cuvier, 1800, Leçons d'anatomie comparée. Iml. 1, L'Institute National des Sciences et des Arts, url=http://docnum.u-strasbg.fr/cdm/ref/collection/coll13/id/175485 Curtha i gcartlann 2018-06-12 ar an Wayback Machine