Cé go dtéann Stair Luimnigh siar go dtí tús an naoú haois nuair a bhunaigh na Lochlannaigh an chathair, bhí lonnaíocht san áit ó thús stair na hÉireann. Bunaíodh cathair Luimnigh mar bhaile seasta taobh thiar d’bhallaí cosanta agus bhronn na Normannaigh cairt chathrach oifigiúil uirthi sa bhliain 1197.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilStair Luimnigh

Suíomh
Map
 53°N 9°W / 53°N 9°W / 53; -9
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla20.79 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Roimh Theacht na Lochlannach, - 812 cuir in eagar

Ós rud é gurb é an t-áth deireanach trasna na Sionainne, bhí tábhacht straitéiseach ar leith i gcónaí ag Luimneach chomh fada is a raibh daoine ag cur fúthu in Éirinn. Agus cé ná fuil fiannais díreach fágtha anois sa chathair féin faoi mhuintir na háite roimh theacht na Lochlannach sa naoú aois, tá an-chuid iarsmaí le feiscint fós sa cheantar máguaird a bhfuil baint acu leis an réim réamh-Chríostiúil. Ina measc siúd, tá ráthanna, tobair naofa, liosanna, díoganna, fulachtaí fia agus carraigeacha seasta. I dtimpeallacht Loch Gair, 15km ó dheas ó lár na cathrach, tá Ciorcal Liag na Gráinsí, croimleaca, crannóga agus cairn adhlactha.

Thagair an léarscáilí Rómhánach [[Tolamaes] don áit in a bhfuil Luimneach suite faoi láthair agus thug sé Regia mar ainm uirthi. Glaodh Inis SibhtonnInis an Ghaill Duibh ar Oileán an Rí, ceartlár na sean-chathrach, sna h-annálacha agus ba é Luimneach ainm an cheantair mórthimpeall an oileáin. Ceaptar gur tháinig sé ón bhfocal sean-Ghaeilge loimeanach a bhfuil míniú riasc lom air.

 
Ciorcal Liag na Gráinsí ón mbliain 2100 RCh, 15km ó dheas ó Chathair Luimnigh

Deineadh tagairt sna h-annálacha do chath mhór idir Cormac Mac Airt, Ard Rí na h Éireann, agus taoisigh na Mumhan i Luimneach sa bhliain 221 agus go bhfuair Ard Rí eile, Crimthann Mór Mac Fidaig bás san áit sa bhliain 368. Is ann freisin a bháistigh Naomh Pádraig an taoiseach Eoghanachtach Cárthann Fionn sa bhliain 434. Deirtear gur bhunaigh Mainchín, éarlamh na cathrach, mainistir in aice trasnú na Sionainne i Sparr Thumhan ag tús na 7ú aoise ach, i ndiaidh argóin le taoiseach na háite, d'imigh sé chun áit nua a thógáil i Mungairit, 5km siar ón gcathair.

Na Lochlannaigh, 812 - 1169 cuir in eagar

Sheol na Lochlannaigh suas Béal na Sionainne don chéad uair timpeall na bliana 812 AD agus chuireadar fúthu ar Oileán an Rí. Ba as Luimneach a sheoladar nuair a bhíodar ag iarraidh a réim a leathnú amach go dtí lár na hÉireann, áit a raibh an-chuid mainistreacha ar nós Chluain Mhic Nóis suite ar bhruach na Sionainne, Loch Deirgeirt, Loch Riabhaigh agus Loch Ailinne.

 
Oileán an Rí thar Abhann na Mainistreach sa bhliain 1982

Thóg an rí Lochlannach Þormodr Helgason falla cosanta timpeall an bhaile sa bhliain 922, rud a chabhraigh lena fhás mar ionad trádála. Ach thit an mí-ádh ar ríocht Lochlannach Luimnigh nuair a bhuaigh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath orthu i gCath Loch Riabhaigh sa bhliain 937 agus, nuair a ghéilleadar sé bliana ina dhiaidh sin tar éis cath a chailliúint i gcoinne sliocht Dal gCais agus fórsaí Cheallacháin, Rí na Mumhan, b’éigean dóibh cíos a íoc do chlanna Ghaelacha na háite

Tháinig deireadh le cumhacht na Lochlannaigh in Éirinn tar éis Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014 nuair a bhuaigh Brian Bóirmhe, Taoiseach na Dal gCais agus Ard Rí na hÉireann, ar ríocht Bhaile Átha Cliath agus, ina dhiaidh sin, tháinig an chathair faoi thionchar na gclanna Gaelacha arís. B'iad na Brianaigh, sliocht Bhriain Bóirmhe, an chlann ba láidre sa limistéar máguaird.

Cinn Seanad Ráth Bhreasail ar dheoise Luimnigh a chruthú sa bhliain 1111 agus go mbeadh Eaglais Mhuire ar Oileán an Rí mar shuíomh an easpaig. Ba i réimeas Dhomhnall Mhóir Uí Bhriain a bhunaíodh Ard-eaglais Mhuire sa bhliain 1168 agus ceaptar gurbh ar shuíomh dún an taoisigh féin a thógadh í.

Na Normannaigh, 1169 - 1310 cuir in eagar

Tar éis cuireadh d'fháil ó Dhiarmuid Mac Murchadha Caomhánach, Rí Laighin, agus le cead ón mBulla ar bhronn an Pápa Adrian IV ar Rí Anraí II Shasana, tháinig na Normannaigh go hÉirinn sa bhliain 1169 faoi cheannas Risteárd de Cléire (Richard de ClareStrongbow as Béarla). I ndiaidh teacht i dtír acu i gCuan na mBanbh i gContae Loch Garman, ghabhadar Baile Átha Cliath sa bhliain dár gcionn agus leanadar ar aghaidh chun smacht a ghabháil ar an gcuid eile den tír.

Bhuadar go tapaidh ar chlanna lár-Chontae Luimnigh agus mháirsealadar ar an gcathair féin sa bhliain 1173. Dhóigh Domhnall Mór Ó Briain go talamh í chun na h-ionraitheoiri a choimeád as an gceantar ach ghabh na Normannaigh faoi dheireadh í sa bhliain 1195 nuair a tháinig an Prionsa Eoin Shasana (Rí Eoin i ndiaidh bháis a dhearthár Risteárd I sa bhliain 1199) go hÉirinn. D'ordaigh sé dún nua a thógáil laistigh d'bhallaí na sean-chathrach Lochlannach agus chríochnaíodh Caisleán an Rí Eoin sa bhliain 1200.

Bhronn Eoin cairt chathrach ar Luimneach sa bhliain 1197 chomh maith le 2,000 ha talún lasmuigh dá fhallaí ar ar thugadh Saor Theas (en: South Liberties) agus Saor Thuaidh (en: North Liberties). Sa bhliain chéanna, roghnaíodh Adam Sarvant ní amháin mar chéad mhéara na cathrach ach mar an chéad mhéara in Éirinn uile agus ceapadh Seán Bambaire agus Uaitéar de Faoite mar bháillí aige. Le linn na mblianta dár gcionn, tógadh an chéad droichead thar an Sionainn idir an caisleán agus Sparr Thumhan (Droichead Thumhan), halla an bhaile (An Tholsel) agus mainistreacha na n-ord rialta ar nós na Proinsiasaigh agus na hAbhaistínigh. Le riail seasta na Normannach, d'fhás an chathair laistigh des na fallaí mar chalafort agus mar ionad trádála agus, le linn na Meánaoiseanna, ba é an chathair is mó in Éirinn seachas Bhaile Átha Cliath.

Leathnaíodh an chathair ó Oileán an Rí (ar a ghlaodh Baile na nGall) go dtí bruach theas Abhann na Mainistreach agus tógadh baile cosanta eile (Baile na nGael) timpeall Geata Eoin idir na blianta 1310 agus 1495. Tógadh Droichead de Bhál idir an dá bhaile.

Na Meánaoiseanna, 1310 - 1485 cuir in eagar

 
Ardeaglais Mhuire (Eaglais na hÉireann) a bunaíodh sa 11ú aois

Cé gur chuid de Ríocht na hÉireann a bhí faoi smacht Rí Shasana é ag an am, ba bheag nár stát neamhspleách é Luimneach le linn na Meánaoiseanna tar éis meath chumhacht na Corónach in Éirinn. D'fhás an tráchtáil tríd an gcalafort ó iarthar agus lár na hÉireann go dtí Sasana agus Mór-Roinn na hEorpa.

Ba í an Fhraincis an teanga riaracháin ó theacht na Normannach go dtí lár an 14ú aois ach leathnaigh tionchar an Bhéarla ina dhiaidh sin i measc uaisle na cathrach. Ach ba í an Ghaeilge gnáth-theanga na n-áitribheach agus b'éigean do Pharlaimint na hÉireann dlíthe a reáchtáil chun stádas an Bhéarla agus an chultúir Angla-Normannach a chosaint (Reachtanna Chill Chainnigh).

Ba iad na Brianaigh agus na Conmaraigh Tumhan (Contae an Chláir), na Gearaltaigh Deasún (Contae Luimnigh) agus na Cearrbhallaigh agus na Cinnéidigh Éile (Contae Uíbh Fhailí theas agus Contae Thiobraid Árann thuaidh) na clainne ba chumhachtaí sa limistéar mórthimpeall Luimnigh ag an am.

Ba chathair saibhir trádála fós í Luimneach le teacht an 16ú aois. De réir cuntais a ullmhaíodh d'ambasadóir na Spáinne sa bhliain 1574: "Tá Luimneach níos láidre agus níos áille ná aon chathair eile in Éirinn ... le fallaí tiubha snoite as marmar mórthimpeall ... ná fuil aon slí isteach ann ach trasna droichid tógtha as clocha, ceann amháin den bheirt tógtha ar 14 stua agus an cheann eile ar 8 ... tá na tithe tógtha den chuid is mó as clocha ceárnatihe marmair duibh agus iad cruthaithe ar nós túir nó ar nós dúnta ..."

Na Tiúdair agus an tAthrú Creidimh, 1485 - 1601 cuir in eagar

Le linn réim an Rí Anraí VIII sa bhliain 1534, bhris Eaglais Shasana le údarás an Phápa agus ceapadh an creideamh Protastúnach nua le Rí Shasana ag a cheann mar reiligiún oifigiúil na ríochta. Ghabh an Choróin seilbh ar thailte, foirgnimh agus airgead na hEaglaise Caitlicigh, dúnadh na mainistreacha agus na clochair, cuireadh cosc ar na h-óird rialta agus díbríodh sagairt ná raibh sásta a gcreideamh a athrú as a gcuid paróistí.

Tháinig reachtaíocht céanna an Athrú Creidimh i bhfeidhm in Éirinn ach d'fhan an coismhuíntir dílis d'údarás na Róimhe. Ar dtús, níorbh ach sna cathracha a bhfuair Eaglais Protastúnach na hÉireann aon tacaíocht ó aon chuid den phobal.

 
Leathnú chathair Luimnigh ó aimsir na Lochlannach go dtí an lá atá inniu ann.

Ós rud é ná raibh tionchar Sasana chomh láidir sin in iarthar na hÉireann, ba bheag daoine ar athraigh a gcreideamh i Luimneach le linn an 16ú haois. Ach mar sin féin, dúnadh mainistir Mhungairit, na mainistreacha in Áth Dara agus tithe na bProinnsiasach, na nAibhistíneach agus na nDoiminiceach sa chathair féin. Chomh mhaith le sin, thug Eaglais na hÉireann seilbh ar Ardeaglais Mhuire agus séipéil na paróistí cathracha Eoin, Mhainchín agus Niocláis.

Cé go raibh bá éigin ag uaislí Angla-Normannacha Luimnigh le Coróin Shasana as ucht cart ríoga na cathrach, chuir an tAthrú Creidimh deighilt mór idir a ndílseacht dá Rí bProtastúnach agus dá gcreideamh gCaitliceach. De bharr an scoilt sin agus de bharr neartú údarás an Rí tar éis cumhacht neamhspleách na hEaglaise a bhriseadh, d'fhás tionchar Sasana arís san 16ú aois, go mór mór tar éis teacht na Ríona Éilís I ar an gCoróin sa bhliain 1558.

Roimhe sin, cuireadh bunús dlíthiúil faoi riail Shasana in Éirinn nuair a ghlac na taoisigh Gaelacha agus Normannacha le stádas Rí Anraí VIII tríd an gcóras géilleadh agus ath-bhronnadh. Ghéilleadar a gcríocha stairiúla don Choróin agus bhronn an Rí iad ar ais orthu chomh maith le teideal uasal Sasanach (m.sh. deineadh Iarla Thumhan as an mBrianach, Iarla Deasún as an nGearaltach, Iarla Éile as an gCearrbhallach srl.). Ach i ndiaidh an Athrú Creidimh, baineadh na teidil agus seilbh na dtailte ó na hiarlaí nua nár thóg leis an bProtastúnachas agus, dá bharr sin, d'éirigh cuid des na taoisigh díshealbhtha amach i gcoinne riail na Corónach le linn réimis Éilise I.

Ina measc siúd, bhí an Éirí Amach Dheasúnach i gContae Luimnigh agus i gContae Chiarraí idir na blianta 1579 agus 1583 faoi cheannas Shéamuis Mhic Mhuiris Mhic Ghearailt, Iarla díshealbhtha Deasún. Bánaíodh an-chuid de Chontae Luimnigh le linn na cogaíochta agus plandáladh é le coilínigh Protastúnacha Sasanacha ach bhí scrios na tuaithe chomh dona sin gur theip go tapaidh ar an bplandáil. Toradh eile a bhí ar an gceannairc ná gur theith an-chuid daoine ón dtuath go dtí an chathair.

Na Stíobhardaigh agus Cromail, 1601 - 1660 cuir in eagar

 
Iarsmaí d’Fhallaí Luimnigh i nGeata Eoin sa bhliain 2007

Bhris na Sasanaigh cumhacht na dtaoiseach Gaelacha nuair a chríochnaigh Cogadh na Naoi mBliain i ndiaidh Chath Chionn tSáile sa bhliain 1601 agus nuair a theith na hIarlaí sa bhliain 1607. Scaip cuid mhaith de lucht leanúna na gclanna Ultacha ar fud Chontae Luimnigh, áit a bhfuil sloinntí mar Ó Dochartaigh, Ó Domhnaill, Ó Néill agus Ó Ruairc le fáil go coitianta fós, agus chuir roinnt díobh fúthu sa chathair agus ins na paróistí tuathúil díreach lasmuigh dá fallaí.

Sa bhliain 1609, cruthaíodh contae riarthach faoi leith as Cathair Luimnigh agus leathnaíodh na saoirse (Saor Thuaidh i gContae an Chláir agus Saor Theas i gContae Luimnigh) go dtí go raibh seilbh ag an gcathair ar achar 10,000 ha talún lasmuigh dá fallaí. Ní raibh ach achar 23 ha laistigh de na fallaí ag an am.

Ós nár sealbhóirí talún iad, choimeád na clanna uaisle Caitleacacha Anglo-Nomannacha a gcuid saibhreas agus leanadar i gceannais ar shaol ghnó na cathrach. Ghlacadar páirt i gComhnaidhm Chill Chainnigh, parlaimint Éireannach a bhunaíodh i ndiaidh Éirí Amach 1641 chun stádas na gCaitliceach a chosaint i gcoinne ionsaithe airm Sasanacha agus Albanacha a bhí gníomhach sa tír ag an am. Le cabhair ó phobal na cathrach, ghabh Arm an Chomhnaidhm faoi cheannas an Ghinearáil Ghearóid de Barra Caisleán an Rí Eoin ón ngarastún Protastúnach tar éis léigir ghearra sa bhliain 1642.

Ón mbliain 1643 suas go dtí bua na bParlaiminteach sé bliana ina dhiaidh sin, thacaigh an Chomhnaidhm le fórsaí an Rí Shéarlais I le linn Cogadh Cathartha Shasana. Bhain Oilibhéar Cromail, dheachtóir míleata na Breataine, díoltas amach tar éis teacht go hÉirinn dó sa bhliain 1649 nuair a shlad sé Droichead Átha agus Loch Garman agus mharaigh sé beagnach gach éinne a raibh sna bailte sin ag an am. Dhírigh sé a fhórsaí ar Luimneach ina dhiaidh sin ach sheas fórsaí na cathrach faoi cheannas Aodha Dhuibh Uí Néill ina choinne ó mhí Bealtaine na bliana 1650 suas go mí Deireadh Fómhair na bliana 1651. Fuair timpeall is 7,500 duine, idir saighdiúirí agus sibhialtaigh, bás le linn an léigir ach lig an Ginearál Sasanach Henry Ireton do na cosantóirí imeacht saor ón gcathair tar éis dóibh géilleadh dó.

Cogadh an Dá Rí, 1660 - 1691 cuir in eagar

 
Carraig an Chonartha - 1691

Dhíbrigh Cromail na h-uaisle Caitliceacha Gaelacha agus Anglo-Normannacha go Connacht agus bhronn sé a gcuid tailte ar shaighdiúirí a arm ach, nuair a d’fhill an Rí Séarlas II ar Shasana sa bhliain 1660 i ndiaidh bháis Chromail, bhí súil acu go bhfaigheadar ar ais iad. Níor tharla a leithéid agus, nuair a lean an Caitliceach Séamus II a dheartháir mar Rí, d’éirigh Parlaimint Sasana amach ina choinne agus ceapadh an Prionsa Oráisteach na hOllainne, cliamhan Shéamuis, mar an Rí Liam III ina áit sa bhliain [1688].

Throid Caitlicigh na hÉireann ar thaobh Shéamuis agus i gcoinne Liam le linn an chogaidh idir an dá Rí. Nuair a bhuadh orthu i gCath na Bóinne ar an 1 Iúil 1690, thiteadar siar ar Luimneach agus thosaigh léigear na cathrach ar an 7 Lúnasa. Chosain na hÉireannaigh faoi cheannas Risteárd Talbóid, Iarla Thír Chonaill, agus Pádraig Sáirséal, Iarla Leamhchan, an chathair go fíochmhar agus, tar éis 3,000 dá shaighdiúirí a chailliúint, d’éirigh Liam as an ionsaí i mí Meán Fómhair.

Tar éis bua na Liamach i gCath Eachroim ar 12 Iúil 1691, níor fhágadh ach Luimneach fós i seilbh fórsaí Shéamuis. Cuireadh tús leis an dara léigear sa mhí dár gcionn. Cé gur neartaíodh na fallaí cosanta le linn an gheimhridh, b'éigean dos na cosantóirí géilleadh ar an 23 Meán Fómhair de bharr an phlá agus an ocrais i measc sibhialtaigh na cathrach. Síníodh Conradh Luimnigh idir An Sairséalach agus an Ginearál Ginkell ar an 3 Deireadh Fómhair inar thugadh cearta creidimh do Chaitlicigh na hÉireann agus sheol An Sairséalach agus formhór dá shaighdiúirí (Na Géanna Fiáin) ón gcalafort ar an 22 Nollaig 1691.

Na Péindlithe, 1691 - 1798 cuir in eagar

 
Tithe Seoirseacha a thógadh ag deireadh an 18ú haois i Sráid Mháigh Eala, Luimneach

Níor chlóigh na buaiteoirí le Conradh Luimnigh. Reachtaíodh na Péindlithe sna blianta díreach ina dhiaidh a bhain cearta seilbhe, vótála, oideachais, oibre agus comharbachta ó Chaitlicigh na hÉireann. D’imigh formhór uaisle Caitliceacha Luimnigh in éineacht leis an Sáirséalach chun freastal in airm na hEorpa agus, ina n-áit, ghlac aicme nua Protastúnach, agus coilínigh Sasanacha, Albanacha, Francacha (Huguenots) agus Ollanacha ina measc, seilbh ar chúrsaí gnó na cathrach.

Ba í an Bhéarla amháin teanga an uasaicme i ndiaidh an léigir agus, cé gur labharadh an Ghaeilge go forleathan suas go dtí deireadh an 19ú haois i gceantair mar Sparr Thumhan, Geata Eoin agus Réabóg, thosnaigh meath ar a stádas le linn na bPéindlithe. Ach cé gur tháinig brú ar an dteanga sa chathair, ba ré órga na filíochta as Gaeilge é ó dheireadh an 17ú haois go dtí deireadh an 18ú haois i gContae Luimnigh agus i gContae an Chláir. I measc na bhfilí cáiliúla a raibh baint acu leis an gcathair agus leis an gcontae, bhí Brian Mac Giolla Meidhre, Seán Ó Tuama, Aindrias Mac Craith, Seán Clárach Ó Dómnhaill agus Dáibhí Ó Bruadair.

Le teacht na síochána san 18ú haois, d'fhás eacnamaíocht na hÉireann. Chuaigh daonra na tuaithe i méid tar éis leagadh foraíseacha na Mumhan agus Connachta agus breis talamh curaíochta a chruthú. Ní amháin gur mhéadaigh na naisc trádála idir an chathair agus Sasana agus Mor-Roinn na hEorpa ach, ag an am gcéanna, tháinig fás mór ar an dtrácht idir Ríocht na Breataine agus coilíneachta Meiriceá Thuaidh agus b'é Luimneach an calafort mór is faide siar na hEorpa.

B’éigean don chathair a atógáil i in diaidh scrios na léigear agus leathnaíodh í lasmuigh dá sean-fhallaí. Ach ós rud é go raibh an Chomhairle Cathrach chomh truaillithe sin ag an am, eagraíodh an obair faoi stiúir Coimisinéirí Pharóiste Mhichíl. Go mór mór faoi thionchar clainne Artúir, Uí Sheasnáin, Ruiséil, Uí Phoirigh agus Harstonge, pleanáladh baile nua-aimsearach, Baile Nua an Phoirigh, ar struchtúr gréille faoi stiúradh an ailtire Iodálach Advise Ducat ar riasc bruach theas na Sionainne. Baineadh an-úsáid as brice dearg (a tháinig chuig Luimneach mar ballasta i mbáid ag filleadh ar an gcalafort ó Shasana) chun na tithe Seoirseacha a thógáil agus is iad fós an gné ailtireachta is sainiúla na cathrach.

Le linn an tréimhse seo, ghabh clainne cumhachtacha smacht daingean ar riarachán na cathrach. In a measc siúd bhí na Róistigh (en: Corporation Roches) a bhí i gceannas idir 1714 agus 1762 agus clann Smyth/Vereker idir 1776 agus 1841.

Acht an Aontais, 1798 - 1845 cuir in eagar

 
Seantithe ar Sráid na Danmhairge a thógadh ag deireadh an 18ú haois. Leagadh iad timpeall na bliana 1991 chun tábhairne, caifé agus brú nua (The Old Quarter) a thógáil in a n-áit. Tógadh an grianghraf sa bhliain 1982.

Bhí Luimneach ag barr a réime le linn blianta deiridh an 18ú haois nuair a bhí smacht ag Parlaimint na hÉireann ar mhál, dhleachtanna, chustaim agus airgead reatha na tíre. Baineadh úsáid as cumhacht uisce chun muilinn nua a thógáil ar bhruach na Sionainne agus a fho-aibhne sa chathair féin agus in Áth na Coite, Caladh Uí Threoigh, Áth Longphoirt, Baile na Clocha agus Saingil sa cheantar máguaird. Easpórtáileadh leathar, feoil, ím, plúr, olann, éadach, lása agus uisce beatha go dtí Sasana, Mor-Roinn na hEorpa agus Meiriceá agus iompórtáladh adhmad, gual, tarra agus iarann. Caitheadh dleachtanna an chalafoirt ar oibreacha poiblí ar nós Tigh an Chustaim (anois Iarsmalann Hunt), tigh an bhochtanais (anois Ospidéal Chamillus), tigh na ngealt (anois Ospidéal Iósaimh), córas bunúsach séarachas i mBaile Nua an Phoirigh, leathnú na nduganna agus an dara droichead thar abhann na Mainistreach (Droichead Mhaitiú).

Chaill Éire a neamhspleáchas eacnamaíoch de réir Acht an Aontais sa bhliain 1801 agus, ós rud é go raibh Luimneach suite i bhfad ó chathracha nua na Ríochta Aontaithe agus ná raibh aon mianraigh guail i ngar dó chun cumhacht gaile a ghinneadh, ní raibh a thionscail in ann dul san iomaíocht le olltháirgíocht Sasana cheal cosaint cánacha. Tháinig meath tobann ar eacnamaíocht na cathrach dá bharr agus lean na deacrachtaí trín lagar ar thit ar fud na hEorpa sna blianta ó 1815 amach i ndiaidh Chath Waterloo.

Tháinig Acht an Aontais i bhfeidhm nuair a baineadh mór-gheit as Rialtas na Breataine de bharr cad a tharla le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1798 ach, lasmuigh d'éachtaí Pádraig de Bhailís (An Stáicéar) agus a lucht leanúna i mbarúnae Cois Sléibhe in oirdheisceart Chontae Luimnigh, ba bheag a tharla lena linn i dtuaisceart na Mumhan. Ag an am gcéanna, áfach, bhí an-chuid foréigin sna ceantracha tuaithe mórthimpeall na cathrach le linn an dara leath den 18ú haois, go mór mór ó na Buachaillí Bána, cumann rúnda a eagraíodh chun cearta na dtionóintí Caitliceacha a chosaint ó na tiarnaí talún Protastúnacha.

D’fhás na buíonta troda as na cumainn rúnda agus thugadar ar a chéile le bataí agus le doirne ag tús an 19ú haois i gcathanna réamh-phleanálta ag aonaigh, laethanta phatrúin, tórraimh agus ócáidí eile poiblí. Ba iad na Seanveist agus na Carbhait na buíonta is mó agus is cáiliúla (tugadh ainmneacha a gcuid éadaigh orthu) agus ba in oirthear Chontae Luimnigh, iarthar Chontae Thiobraid Árann agus uaireanta sa chathair féin ceartlár na cogaíochta eathartha.

 
Cuid den sean-bheairic i gclós Chaisleáin an Rí Eoin sa bhliain 1982. Le linn an 19ú haois, bhí trí bheairic ag Arm na Breataine I Luimneach.

Le maolú na bPéindlthe ag deireadh an 18ú haois (agus tháinig deireadh éifeachtach ar an reachtaíocht i ndiaidh Fuascailt na gCaitliceach sa bhliain 1829), thosnaigh Arm na Breataine ag earcach saighdiúirí Éireannacha agus d’fhás garastún na cathrach go tapaidh ina dhiaidh. Bhí trí bheairic i Luimneach sa 19ú haois agus bhí tábhacht ar leith ag an am ag Fórsaí an Choróin in eacnamaíocht na cathrach.

Cruthaíodh naisc iompar le cathracha eile na tíre le teacht na gcanálacha chuig Luimneach ag tús an 19ú haois, le tógáil Droichid Wellesley (anois Droichead an tSairséalaigh) idir Baile Nua an Phoirigh agus bruach thuaidh na Sionainne agus le teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Ach chuir chomhlachtaí iompar capall na cathrach go láidir i gcoinne leathnú an iarnróid go dtí na duganna agus, cheal nasc díreach idir na báid agus na traein, chaill an calafort an-chuid dá ghnó ó iarthar agus deisceart na hÉireann do Chorcaigh, Gaillimh agus Port Láirge.

Sa bhliain 1845, chinn Parlaimint na Breataine ar cheithre ollscoil nua a bhunú in Éirinn, ceann amháin i ngach cúige, chun freastal ar na pobail Caitliceacha agus Preispitéaracha na tíre ná raibh in ann iontráil go h-éasca i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Thacaigh muintir gnó na Gaillimhe agus Chorcaí iarratais a gcathracha féin ach, ós rud é ná raibh meánaicme láidir Caitliceacha i Luimneach agus go raibh muintir an rachmais ag cúlú ón gcathair, chinneadh ar Chorcaigh mar shuíomh ollscoil na Mumhan d'ainneoin gurbh chathair níos mó í Luimneach ag an am. Cé ná raibh éifeacht láithreach ag an gcinniúint seo ar stádas na cathrach, chaill Luimneach go mór as leathnú riarachán an stáit, an leighis, an ghnó, an dlí agus na heolaíochta le linn deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois nuair nár fhreastail aon céimí na ngairmeacha nua staidéir sa chathair.

An Gorta Mór, 1845 - 1867 cuir in eagar

 
Clochar Mhuire, Sráid an Easpaig, sa bhliain 1982. Leagadh é timpeall na bliana 1990. Tógadh an-chuid clochair agus séipéil i ndiaidh Fuascailt na gCaitliceach sa 19ú haois.

Cé go raibh an talamh na gceantair mórthimpeall Luimnigh torthúil, bhí sí roinnte in an-chuid tionóintachtaí bídeacha agus bhí cónaí ar líon mór spailpíní faoin dtuath chomh maith. Dá bharr sin, nuair a theip ar na prátaí sna blianta idir 1845 agus 1848, thit An Gorta Mór go dian ar Chontae Luimnigh, Contae Thiobraid Árann agus oirthear Contae an Chláir. Ní amháin gur cailleadh na mílte ón ocras agus ón bhfiabhras ach theith na mílte eile go dtí an chathair ag lorg bia agus dídean ná raibh ar fáil. D'fhás daonra Luimnigh go tobann ar dtús ach thit sé arís nuair a thosnaigh an imirce chuig Sasana agus Meiriceá i ndáiríre.

Ós rud é ná raibh a bhunús tionsclaíochta chomh láidir sin, go raibh a chalafort ag dul i léig agus go raibh aicme an tsealúchais ag tréigeadh na cathrach chun cur fúthu i Londain, níor tháinig Luimneach as an dtubaiste chomh tapaidh agus a tháinig áiteanna eile sa tír as agus chaill sé a stádas mar dara cathair na hÉireann do Bhéal Feirste i mblianta na 1850í agus mar an chathair is mó i gCúige Mumhan do Chorcaigh scór bliain ina dhiaidh sin. Agus cé gur fhás tionscal an tobac agus tionscal an éadaigh as táirgeacht culaithe saighdiúirí i gcomhair Cogadh na Crímé agus Cogadh Cathartha Meiriceá, thóg muintir an rachmais níos mó as eacnamaíocht Luimnigh ná mar a infheistíodar ar ais sa chathair le linn an 19ú haois.

Ag an am gcéanna, tháinig feabhas éigin ar staid na bhfeirmeoirí a bhí fágtha agus, le aistriú a ngnó ó shaothrú barraí go dtí déiríocht agus méadú tar éis teacht ar a gcuid gabháltais le imeacht nó le bás a gcuid comharsan, bhí airgead le caitheamh ag roinnt díobh don chéad uair riamh. D'fhás aicme nua siopadóirí agus ceannaithí Caitliceacha i Luimneach chun freastal orthu. D'fhás an chráifeacht chomh maith as an meoin ciontais i measc iad siúd a tháinig slán as an nGorta Mór agus, dá bharr sin, caitheadh líon ábhalmhór airgid sa chathair i lár an 19ú haois ar thógáil Ardeaglais Eoin, séipéil paróiste Mhainchín, Mhíchíl, Iósaimh agus Phádraig, tithe agus séipéil na n-Órd Proinsiasach, Doiminiceach, Íosánach, Aibhistíneach agus Slánathórach, clochair, tithe na mbráthar, ospidéil agus scoileanna Caitliceacha.

Féinrialtas agus Agóid Talún, 1867 - 1900 cuir in eagar

 
Rae tithe beaga ó dheireadh an 19ú haois i bPlás Mhic Gearailt in aice le Dún an tSairséalaigh, Sráid Eadhbhard. Leag Bárdas Luimnigh iad ag tús na blianta 1990í chun tithe nua poiblí a thógáil. Tógadh an grianghraf sa bhliain 1982.
 
Reilig na nGiúdach, Caladh Uí Threoigh, sa bhliain 2007. Osclaíodh le linn blianta na 1890í í agus atógadh tigh an phaidir sa bhliain 1990.

Bhí Éire Óg gníomhach sa chathair i mblianta na 1840í agus na Fíníní i mblianta na 1860í ach bhris an Gorta Mór agus bás Dhomhnaill Uí Chonaill spiorad an náisiúnachais ar feadh an ghlúin ina dhiaidh.

Le leathnú ceart vótála ón mbliain 1867 amach, áfach, díríodh mí-shástacht le riail na Breataine agus bunaíodh Cumann Fhéinrialtas Éireann i Westminster sa bhliain 1870 chun féinrialtas faoi Choróin na Breataine d'fháil don tír. Ba é Isaac Butt, feisire Cathair Luimnigh, ceannaire an ghrúpa nua sara ath-eagraíodh é mar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann faoi cheannas Charles Stewart Parnell sa bhliain 1882.

Chuidigh lagar eacnamaíochta idirnáisiúnta sa bhliain 1873 agus teip na bpráta i mblianta na 1870í go mór le agóid faoin dtuath i gcoinne na dtiarnaí talún. Nuair ná rabhadar in ann an cíos a íoc, caithfeadh an-chuid tionóintí óna bhfeirmeacha. Eagraíodh Conradh na Talún chun a gcearta a chosaint trí úsáid teaicticí ar nós an bhaghcait agus thosnaigh Parnell feachtas i Westminster ionas go mbeadh na tionóintí in ann a gcuid gabháltais a cheannach.

Ionas bac a chur ar ghluaiseacht an Fhéinrialtais (an polasaí ar a dtugadh “ag marú Féinrialtas le cineáltas”), leasaigh Rialtais Coimeádacha na Breataine reachtaíocht seilbh na talún le linn blianta na 1880í agus chabhraíodar leis na tionóintí a chuid gabhátlais a cheannach le iasachtaí fadtéarmach ón Stát. Leathnaigh an déiríocht go tapaidh i gCúige Mumhan ina dhiaidh sin, bunaíodh comharchumainn ar fud Chontae Luimnigh (tháinig an chéad cheann in Éirinn le chéile i nDrom Collachair in iardheisceart an chontae sa bhliain 1889) agus d’fhás an tionscal bia sa chathair, go mór mór leasú bagúin. Cuireadh tús le mórán clubanna spóirt na cathrach sa tráth seo freisin agus, ina measc siúd, bhuaigh Na Trádálaithe, ionadaithe Chontae Luimnigh, an chéad Craobh Peile na hÉireann sa bhliain 1887 .

Thit feachtas an Fhéinrialtais as a chéile nuair a chailleadh Acht Ghladstone i ndiaidh scannal Pharnell agus ghin scoilt Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann an-naimhdeas sa chathair idir dílseoirí Pharnell agus iad siúd in a choinne. Thug an Eaglais Chaitliceach go láidir i gcoinne an iarcheannaire, fiú amháin i ndiaidh a bháis ar 6 Deireadh Fómhair, 1891, go mór mór roinnt sagairt Slánathóracha Árd-bhráthrachas an Mhaighdin Mhuire a raibh tionchar mór aige i measc coismhuíntir na cathrach. Agus tar éis seanmhóin fíochmhar ón Athair Seán Mac Riabhaigh i gcoinne na nGiúdach sa bhliain 1904, ritheadh an pobal beag Giúdach a bhí bunaithe i Sráid Chúl Mhúine (anois Sráid Wolfe Tone) as an gcathair, an t-aon phogrom riamh i stair na hÉireann.

Aois Nua, 1900 - 1912 cuir in eagar

 
Foras na Meicneoirí ar Shráid Harstonge sa bhliain 2007, ceann-cheathrú Chomhairle na gCeárd Luimnigh.

Cuireadh deireadh buan le seanchóras na dtiarnaí talún nuair a reachtaíodh Acht Wyndham i Westminster sa bhliain 1903 agus bhí seilbh a ngabháltais féin bainte amach ag níos mó ná 70% na niar-thionóintí roimh thosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ag an am gcéanna, tháinig feabhas mór ar eacnamaíocht na Breataine i gcoitinne agus mhéadaigh an éileamh ar tháirgí bia na cathrach. Leathnaigh an saibhreas nua amach i measc na bhfeirmeoirí, na siopadóirí, na dtabhairneoirí agus na ngairmeacha agus thosnaigh meánaicme nua sách mór Caitliceach ag fás i Luimneach le linn blianta tosaigh an 20ú haois. Agus nuair a bhunaigh Acht an Rialtais Áitiúil Comhairle Cathrach Luimnigh sa bhliain 1898, ghabhadar seilbh ar údarás polaitiúil na cathrach.

Ach níor éirigh chomh maith sin le gach éinne sa chathair agus sna cheantair máguaird. Bhí an bochtaineacht go forleathan i measc feirmeoirí beaga na sléibhte, na n-oibrithe feirme, oibrithe na monarchan agus iad siúd ná raibh aon obair seasta acu. Cé gur thosnaíodh ar thithíocht poiblí a thógáil le linn blianta na 1890í (go mór mór sna sráideanna mórthimpeall beairicí an Airm), bhí cónaí fós ag formhór daonra na cathrach i lánaí agus i dtionóntáin mí-shláintiúile, áit ina bhfuair an-chuid díobh bás go luath den eitinn.

 
Sráid Seoirse (anois Sráid Uí Chonaill) tuairim na bliana 1900.

Athaontaíodh Páirtí Parlaiminteach na hÉireann sa bhliain 1900 faoi cheannas Sheáin Mhic Réamoinn ach, ós rud é ná raibh na h-aidhmeanna céanna a thuilleadh ag aicmí éagsúla na cathrach, ní raibh an tionchar céanna ag a feisirí Westminster ar shaol pholaitiúil na tíre nó na cathrach. Cé gur lean an Pháirtí le feachtas an Fhéinrialtais agus bhuaigh a ionadaithe gach thoghchán i gCathair agus i gContae Luimnigh suas go dtí tosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda, bhí cuid dá lucht leanúna meánaicmeacha sásta le riail na Breataine, cuid eile díobh ag lorg neamhspleáchas glan d'Éirinn agus cuid eile fós dírithe ar cheisteanna sóisialacha agus ar chearta na n-oibrithe.

I ndiaidh na h-Athbheochan Gaelaigh agus bunú gluaiseachtaí spórtúla agus cultúrtha ar nós Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884 agus Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893, dhúisigh suim nua in oidhreacht na hÉireann, go mór mór i measc páistí an mheánaicme Caitlicigh, agus leathnaigh sí go dtí cúrsaí polaitiúla. Bunaíodh Sinn Féin mar pháirtí lán-náisiúnach i gcoinne an Pháirtí Parlaiminteach sa bhliain 1905 agus, cé nár éirigh go maith léi ar dtús, bhí tionchar ag a cuid aidhmeanna sa chathair i measc múinteoirí bunscoile agus oibrithe óga na siopaí, an iarnróid agus na dtábhairní. Chomh maith le sin, choimeád sean-Fhinínigh ar nós Seán Ó Dálaigh agus fear a neacht Caitlín, Tomás Ó Cléirigh, spiorad an réabhlóideachais beo i Luimneach trí Bhráthrachas na Poblachta.

Le linn an ama chéanna, cuireadh tús le gluaiseacht na gceardchumann sa chathair le bunú Comhairle na gCeárd Luimnigh. Cé go bhfuair sí formhór dá tacaíocht ar dtús ó oibrithe oilte an iarnróid agus na ngild tógála, leathnaigh sí a ballraíocht i measc oibrithe il-ghnéitheacha na monarchan bagúin, plúir, leathair agus éadaigh agus í ag lorg leasú pá agus coinníollacha fostaíochta. Toghadh céad ionadaí ghluaiseacht an lucht oibre ar Chomhairle na Cathrach sa bhliain 1898 ach, i ndiaidh athaontú an Pháirtí Parlaimintigh, níor tháinig aon mhéadú ar vóta an eite chlé sa chathair le linn na mblianta dár gcionn.

Na hÓglaigh agus an Chéad Chogadh Domhanda, 1912 - 1916 cuir in eagar

 
Leacht i gCeárnóg an Phoirigh sa bhliain 2007 i gcuimhne ar shaighdiúirí as Luimneach a fuair bás sa Chéad agus sa Dara Chogadh Domhanda i seirbhís Arm na Breataine.

Nuair a theip ar Bhiolla Féinrialtais Éireann eile i dTigh na dTiarnaí i Westminster sa bhliain 1912, nochtaíodh laige an Pháirtí Parlaimintigh in aghaidh na nAontachtóirí agus a gcomhghuallaithe i bPáirtí Coimeádach na Breataine. Ach nuair a bhunaigh dílseoirí Ulaidh a ngrúpa paramhíleata féin, Fórsa Óglaigh Uladh (an UVF), faoi stiúiriú iar-oifigigh Arm na Breataine ar an 31 Eanáir 1913, chruthaíodh Óglaigh na hÉireann ina gcoinne ar an 25 Samhain, ghlac polaiteoirí an Pháirtí Parlaimintigh cinnireacht na gluaiseachta nua agus fuair siad tacaíocht forleathan ó mhuintir Luimnigh.

Dhiúltaigh ceannaireacht Arm na Breataine in Éirinn máirseáil i gcoinne an UVF ar an 20 Márta 1914 (Ceannairc an Churraigh), landáil an UVF 25,000 raidhfil i Latharna ar an 24 Aibreán gan aon cur isteach ó na h-Údaráis agus, nuair a mharaigh na póilíní triúr sibhialtach i mBaile Átha Cliath i ndiaidh landáil 1,500 raidhfil ón luamh Asgard i mBinn Éadair ag Óglaigh na hÉireann ar an 26 Iúil, bhí an tír ar tí cogadh cathartha idir Náisiúntóirí agus Aontachtóirí. Ach bhris an Chéad Chogaidh Dhomhanda amach an seachtain ina dhiaidh sin, liostáil mórán ballraíochta an UVF in Arm na Breataine agus d'impigh Seán Mac Réamoinn, ceannaire an Pháirtí Parlaimintigh, ar bhaill Óglaigh na hÉireann an rud chéanna a dhéanamh.

Thug mórán daoine sa chathair tacaíocht don chogadh suas go dtí Nollaig na bliana 1914, go mór mór nuair a chuir roinnt sagairt mór-bhéim ar mhuintir Caitliceach na na Beilge a chosaint ó ionróirí na Gearmáine ina gcuid seanmóin. I dteannta le na céadta iarshaighdiúirí sa chúltaca Airm a ghlaodh suas, ceaptar gur chuaigh suas le 800 fir óga as Cathair Luimnigh isteach san Arm, mórán díobh sa reisimint Fúisiléirí Ríoga na Mumhan (The Royal Munster Fusiliers), as a dtoil féin roimh dheireadh na bliana. Ach nuair nár tháinig aon réiteach luath ar an gcogaíocht, laghdaigh bá an phobail go tapaidh.

Ós rud é go raibh éileamh mór ar táirgí bhia na cathrach agus an chontae, dhein eacnamaíocht Luimnigh go maith as an gcogadh agus ní raibh aon fonn ar fhostóirí nó ar fheirmeoirí a gcuid oibrithe ligean chun troda. D'ainneoin iarrachtaí Mhic Réamoinn agus a lucht leanúna, theip ar fheachtais earcaíochta mórán saighdiúirí eile a mhealladh isteach in Arm na Breataine ó lár na bliana 1915 amach.

Éirí Amach na Cásca, 1916 - 1917 cuir in eagar

Scoilt Óglaigh na hÉireann i ndiaidh na tacaíochta ar thug Mac Réamoinn don chogadh agus, cé gur chuir an cinnearacht ina aghaidh, lean móramh na ballraíochta é nuair a bhunaigh sé Na hÓglaigh Náisiúnta. Tháinig gluaiseacht an mhionlaigh go mór faoi thionchar an Bhráthrachas na Poblachta a bhí mar aidhm acu An Bhreatain a dhíbirt glan as Éirinn, leis an lámh láidir má ba ghá, agus cheap móramh a Árdchomhairle go raibh deis níos fearr acu fad is a raibh Arm na Breataine tógtha suas thar lear le troid i gcoinne na nGearmánach.

 
Leacht cuimhneacháin Éirí Amach na Cásca ar Dhroichead an tSairséalaigh sa bhliain 2003. Cuireadh suas é ar shuíomh dhealbh na Ríona Victoria a phléascadh suas i ndiaidh Cogadh na Saoirse.

Nuair a chealaigh ceannaire Óglaigh na hÉireann Eoin Mac Néill ordaithe catha agus nuair nár éirigh le cúnamh arm ón nGearmáin a landáil ón bhfomhuireán Aud ar Thrá na Beannaí, Contae Chiarraí ar Aoine an Chéasta, an 21 Aibreán 1916, theip ar aidhmeanna míleata Éirí Amach na Cásca a thosnaigh ar an Luain dár gcionn, an 24 Aibreán. Cé nár tharla aon eachtraí sa chathair le linn seachtain na troda, bhí baint mhór ag na ceannairí le Luimneach. Chuir Fórsaí an Choróin seisear déag díobh chun bháis i ndiaidh triail rúnda idir an 3 Bealtaine agus an 12 Bealtaine agus, ina measc siúd, bhí Éamonn Ó Dálaigh a rugadh sa chathair, Conal Cóilbéard as Áth an tSléibhe in iarthar an chontae agus Tomás Ó Cléirigh agus Seán Heuston a chaith cuid maith dá saolta i Luimneach. Agus b'as Brú Rí i ndeisceart an chontae é Éamonn De Valera, ceannfort na nÓglach ba shinsearaí nár lámhachadh i gclós Phríosún Chill Mhaighneann.

Díreach i ndiaidh géilleadh na nÓglach in Árdoifig an Phoist ar an 29 Aibreán, cáineadh go géar iad ag na nuachtáin, roinnt polaiteoirí an Pháirtí Parlaiminteach, gaolta na saighdiúirí a bhí ag troid sa Fhrainc agus aicme na gceannaithe. D'athraigh an scéal go tapaidh, áfach, i ndiaidh na mbásaithe agus nuair a chaith Arm na Breataine 3,500 daoine i bpríosún gan triail (tuairim is 2,000 díobh i gcampaí géibhinn sa Bhreatain ar nós Frongoch i dtuaisceart na Breataine Bige) cé ná raibh aon bhaint leis an éirí amach ag a bhformhór. Ba é an Dochtúir Éamonn Ó Duibhír, Easpag Luimnigh, an chéad cheannaire Caitliceach ar cháin freagairt Rialtas na Breataine go poiblí agus fuair sé tacaíocht láidir ó mhuintir Luimnigh.

Chailleadh an-chuid saighdiúirí ón gcathair i nGallipoli sa bhliain 1915 agus le linn Cath Somme sa bhliain 1916 agus, nuair a chinn ar Rialtas na Breataine coinscríofacht a thabhairt isteach in Éirinn chun tuilleadh earcaigh d’fháil, chuir an pobal go láidir i gcoinne an chogaidh agus an Airm agus chuidigh sin go mór le fás polaitíochta Sinn Féin in aghaidh an Pháirtí Parlamaintigh i Luimneach.

Cogadh na Saoirse, 1917 -1921 cuir in eagar

 
Monarchan Cleeve's (anois cuid den Ghrúpa Chiarraí cpt) ar Thrá Uí Cheallacháin sa bhliain 2007. B'ansin a thosnaigh ollstailc an Sóibhéad Luimnigh sa bhliain 1919.
 
Dealbh Sheáin de Bhál, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Luimnigh, a mharaíodh ag Fórsaí na Breataine an 6 Márta 1921. Tógadh an griangraf i mBrú na Déise sa bhliain 2003.

Nuair a scaoileadh ceannairí an éirí amach saor ó Phríosún Lewes Sasana ar an 18 Meitheamh 1917, bhain an fáilte mór a bhfuaireadar i mBaile Átha Cliath an-gheit astu agus d'úsáideadar an córas parlaiminteach chun fo-thoghacháin a bhuachaint ar son Sinn Féin ón bPáirtí Parlaiminteach i dtoghcheantair Oir-Chláir (Éamonn de Valera) agus Chill Chainnigh Thuaidh (Liam T Mac Cosgair). Chaith údaráis na Breataine iad ar ais i bpríosún agus thángadar go láidir anuas ar eagraíochtaí Gaelacha ar nós Cumann Lúthchleas Gael, Conradh na Gaeilge agus, fiú amháin, gluaiseacht na gcomharchumann. Ach le teacht sos chomhraic an Chéad Chogaidh Dhomhanda ar an 11 Samhain 1918, bhí bá pobal Luimnigh go mór i bhfabhar Sinn Féin agus thoghadar a n-iarrathóirí i dtogh-cheanntair Cathair Luimnigh, Luimnigh Thoir agus Luimnigh Thiar in olltoghcháin na Breataine ar an 14 Nollaig 1918.

Níor thóg Sinn Féin a chuid suíochán i Westminster, bhailigh a chuid feisirí i dTigh Árdmhéara Bhaile Átha Cliath ar an 21 Eanáir 1919 agus, nuair nár aithníodh stádasDáil Éireann, fógraíodh Poblacht na hÉireann agus bhris Cogadh na Saoirse amach. Tharla an chéad eachtra ar an lá chéanna i Sulchóit Beag, Contae Thiobraid Árann, 25km soir ó lár na cathrach nuair a maharaigh buíon Óglaigh faoi stiúir Domhnall Ó Braoin agus Seán Ó Treasaigh beirt phóilíní an RIC agus iad ag iarraidh ábhar pléascaidh a thógaint uathu. Leathnagh an comhrac go tapaidh trí Chontaetha Luimnigh, Thiobraid Árann agus tuaisceart Chorcaí i ndiaidh ionsaí ar stáisiún iarnróid Cnoc Loinge, Contae Luimnigh ar an 12 Bealtaine agus, ós rud é go raibh níos mó beairicí Constáblacht Ríoga na hÉireann suite sa cheantar ná mar a raibh in aon áit eile sa tír agus go raibh an tríú gharastún is mó ag Arm na Breataine in Éirinn bunaithe sa chathair, ba sna chontaetha sin a tharla an chogaíocht ba fhíochmhaire le linn Chogadh na Saoirse.

Bhí dhá údarás i gcomhrac lena chéile i Luimneach le linn Chogadh na Saoirse, Rialtas na Breataine agus Rialtas na Poblachta a bhunaigh Dáil Éireann, lena gcúirteanna, póilíní agus airm féin ag an mbeirt araon. Le linn ollstailc "Sóivéid Luimnigh" idir an 14 Aibreán agus an 27 Aibreán 1919, bhí a hairgead féin ag an gcathair nuair a ghabh ceardchumannaigh agus Óglaigh seilbh ar shaol eacnamaíochta na cathrach.

D'éirigh an-chuid phóilíní as Constáblacht Ríoga na hÉireann agus, nuair a thréigeadh mórán beairicí sa chontae le linn geimhreadh na bliana 1919, bhunaigh Rialtas na Breataine dhá chonstáblacht speisialta (na Dúchrónaigh) a bhí déanta suas den chuid is mó as iar-shaighdiúirí Sasanacha an Chéad Chogaidh Dhomhanda chun na hÓglaigh a bhriseadh. Glaodh na Cúntóirí (Auxies as Béarla) ar fhórsa na n-oifigeach a bhí ar thuarastal £1 an lae, ráta pá dochreidte ag an am, agus na Dúchrónaigh (Black and Tans as Béarla) ar fhórsa na ngnáthshaighdiúirí ar thuarastal 10/- an lae. Go gairid tar éis teacht na nDúchrónach chuig an gcathair, d'iompaigh buíon díobh a bhí ar meisce ar shlua sibhialtach ar Shráid de Róiste agus mharaíodar beirt acu ar an 22 Aibreán 1920[fíoras?].

D'fhás géireacht na troda i ndiaidh an eachtra. Dhóigh Fórsaí an Choróin stráice mór sráide i lár na cathrach ar an 27 Lúnasa mar dhíoltas ar mharú Cigire RIC lasmuigh den chathair. Le linn oíche an 6 Márta 1921, dhúnmharaigh na Dúchrónaigh Méara Luimnigh Seoirse Mac Fhlannchadha, iar-Mhéara na cathrach Mícheál Ó Ceallacháin agus Cathaoirleach Chomhairle Chontae Luimnigh Seán de Bhál ina dtithe féin. Ach cé gur fhan an garastún ins na beairicí, bhí seilbh éifeachtach na cathrach caillte ag Rialtas na Breataine nuair a tháinig an sos chomhraic idir na hÓglaigh agus Fórsaí an Choróin i bhfeidhm ar an 9 Iúil 1921.

Cogadh Cathartha, 1921 - 1923 cuir in eagar

 
Arasáin cónaithe, Dún an tSáirséalaigh, Sráid Eadbhaird, Luimneach sa bhliain 1982. Scriosadh an beairic le linn an Chogaidh Cathartha.
 
Façade sean-stábla i Sráid Sisil sa bhliain 2007.
 
Stáisiún cumhachta hidrileictreach Árd na Croise sa bhliain 2007. Osclaíodh sa bhliain 1929 é, an scéim tógála is mó in Éirinn le linn céad leath an 20ú haois.

Cé gur admhaigh Éamonn de Valera, Uachtarán na Poblachta a mhíshástacht leis an idirbheartaíocht idir ionadaithe na hÉireann agus na Breataine ag slógadh mór ar Bhóthar na hInse sa chathair ar an 5 Nollaig 1921, síníodh Conradh na Síochána idir an dá rialtas i Londain níos déanaí san oíche sin. Tar éis díospóireachta an-ghéar idir na teachtaí, ghlac Dáil Éireann le téarmaí an chomhaontú ar an 7 Eanáir 1922 ar vóta 64 in aghaidh 57 agus chaill de Valera vóta mhuinín as a oifig nuair a bhí 60 theachtaí ina choinne agus 58 ar a shon.

Bhí móramh an phobail i bhfabhar na conartha i mBaile Átha Cliath agus i gCúigeLaighin ach bhí an scéal níos casta i gCúige Mumhan, áit ina raibh formhór na troda le linn Chogadh na Saoirse. Bhí Óglaigh Bhriogáid Chathair Luimnigh, Luimnigh Thoir, Luimnigh Láir agus Luimnigh Thiar go láidir in a coinne agus, nuair a thréig Arm na Breataine Luimneach i mí Eanáir 1922, ghabhadar seilbh ar bheairicí na cathrach. Bhí an tír scoilte ina dá thaobh suas go dtí an 28 Meitheamh 1922. Nuair a bhagair Arm na Breataine go bhfillidís ar Éirinn muna ndí-ármálfaí briogáid na nÓglach a bhí i gcoinne na conartha, d'ionsaigh Arm an Saorstáit an garastún Poblachtánach na Na Ceithre Chúirteanna i mBaile Átha Cliath agus thosaigh an Cogadh Cathartha.

D'ordaigh an Rialtas Sealadach an Ginearál Mícheál Ó Braonáin, ceannfort fórsaí an Saorstáit sa Chlár Luimneach a ghabháil agus bhris cogaíocht amach ar an 11 Iúil nuair a scriosadh an-chuid foirgnimh i ngnó-lár na cathrach ar Shráid Liam, Shráid Sheoirse (anois Sráid Uí Chonaill) agus Sráid Bhrunswick (anois Sráid an tSáirséalaigh). Bhí an lámh in uachtar fós ag na Poblachtánaigh go dtí gur 1,500 saighdiúirí faoi cheannas an Ghinearáil Eoin Ó Dufaigh ó Bhaile Átha Cliath chun chabhair a thabhairt do Bhriogáid an Chláir ar an 17 Iúil. Bhí Arm an Saorstáit armtha ag Rialtas na Breataine le gunnaí troma, leagadar Beairic an Ordnáis go smiondar ar an 19 Iúil agus, nuair a ghabhadar Beairic an Chaisleáin ar na lá dár gcionn, bhí seilbh míleata gafa acu agus tharraing na fórsaí Poblachtánacha faoi cheannas Liam Mhic Ghiollarnáth siar ón gcathair.

Tharla gnáth-chogaíocht dheireanach an Chogaidh Chathartha i gContae Luimnigh thart ar na bailte Brú na Déise, Brú Rí agus Cill Fhionáin agus, nuair a ghabh na Saorstátaigh baile Cill Mhocheallóg, 30km ó dheas ón gcathair ar an 5 Lúnasa i ndiaidh catha ocht lá, tharraing na Poblachtánaigh faoi cheannas Liam Ó Loingsigh siar go dtí na sléibhte. Leanadar ag ionsaí ar an Saorstát ó na claíocha, thosaigh an Rialtas Sealadach ag cur príosúnaigh chun bháis ar an 17 Samhain 1922 agus tharla tuilleadh corr-eachtraí sa chathair agus faoin dtuath suas go dtí an 24 Bealtaine 1923 nuair a d'eisigh de Valera agus Proinsias Mac Aodhagáin, ceannfort na bhfórsaí Poblachtánacha, ordaithe sos chomhraic.

Neamhspleáchas, 1923 - 1932 cuir in eagar

 
Séipéal Mhuire ar Shráid Áth Longphoirt a chríochnaíodh sa bhliain 1928. Tógadh an grianghraf seo sa bhliain 1982.

Níor ghlac an daonra go léir leis an síocháin nuair a tháinig sí. Cé gur bhunaigh na Teachtaí Dála a bhí i bhfabhar na Conartha páirtí polaitiúil nua, Cumann na nGaedhal, agus gur chruthaíodar Rialtas nua faoi cheannas Liam T Mac Cosgair mar Thaoiseach, bhíodar gan freasúra ceart laistigh den chóras parlaiminteach. Bhailigh Sinn Féin, mar a thug lucht leanúna de Valera orthu féin, beagnach leath an vóta i nDáilcheantar Luimnigh in Olltoghchán mhí Lúnasa 1923 ach staon a gcuid teachtaí ó pháirt a ghlacadh sa Dáil. D'imigh roinnt mhaith ceannairí Cogadh na Saoirse ar dheoraíocht i Meiriceá, iad lán leis an éadóchas i ndiaidh an Chogaidh Chathartha. Agus ós rud é go raibh 50,000 saighdiúirí ag fáil pá ó Arm an Saorstáit, ní raibh aon airgead fágtha i gciste an Rialtais.

D'fhulaing Luimneach níos géire as blianta na troda ná aon chathair eile sa tír. Ní amháin gur dheineadh mór-scrios ar a chuid monarchana, siopaí agus tithe ach thit tionscal na déiríochta as a chéile de dheasca beagnach gach uachtarlann sa chontae á chur as feidhm. Ós ná raibh cónaí ar mhóránúinéirí tionscal sa chathair, ní raibh fonn orthu áth-infheistiú i ngnóthaí a bhí scartha anois ó mhargaí na Breataine agus tarraingíodh an-chuid caipiteal as Luimneach le linn na mblianta i ndiaidh na Conartha. Agus baineadh an-chuid as eacnamaíocht na cathrach de bharr imeacht gharastún Arm na Breataine.

Tháinig feabhas ar an scéal nuair a cuireadh tús le tógáil scéim hidrileictreach na Sionainne in Ard na Croise, Contae an Chláir sa bhliain 1925. Fostaíodh 5,000 oibrithe le linn na tógála a chosain an suim ábhalmhór £5,200,000 ag an am. Nuair a osclaíodh an stáisiún ginnte ar an 29 Deireadh Fómhair 1929, an cheann is mó ar domhain ag an am, bhí sé ar a chumas aige éileamh leictreachais uile na tíre a sholáthar sna 1930idí luath.

Cogadh na hEacnamaíochta, 1932 - 1939 cuir in eagar

Íomhá:Sean-monarchan IWP, Luimneach a thógadh le linn blianta na 1930i.jpg
Monarchan IWP, Bóthar na nDuganna sa bhliain 2007. Monarchan táiriní agus sreang cruaigh a bhí ann nuair a bunaíodh é le linn Cogadh na hEacnamaíochta i blianta na 1930í.

Níor mhair an téarnamh eacnamaíochta ach cúpla bliain agus, nuair a chúlaigh scar-mhargadh Wall Street go tubaisteach ar an 29 Deireadh Fómhair 1929, thit leibhéal na tráchtála idirnáisiúnta as a chéile. Mar thoradh ar an lagar sin, caitheadh Rialtas Cumann na nGaedhal as oifig i ndiaidh olltoghcháin na bliana 1932 agus tháinig Fianna Fáil (páirtí a bhunaigh de Valera sa bhliain 1926 nuair a d'fhág sé Sinn Féin), i gcumhacht.

Bhí gach tír ar domhain ag ardú custaim chun a gcuid tionscal féin a chosaint agus thit sin go mór ar fheirmeoirí an chontae agus ar mhonarchan bia na cathrach. Nuair a d’éirigh an Rialtas as aisíoch blianachtaí talún (i ndiaidh bronntanas ar thug Fianna Fáil don lucht vótála le linn feachtais an olltoghcháin), d’ardaigh Rialtas na Breataine an ráta custaim ar ábhair bia as Éirinn suas go dtí 40% agus ba bheag nár scriosadh eacnamaíocht na tuaithe. Mar fhreagra ar sin, cuireadh dleacht ard ar tháirgí déantúsaíochta na Breataine agus bunaíodh monarchan sa Stát chun na hearraí seo a dhéanamh. I measc na tioscail nua a thosaigh i Luimneach le linn blianta na 1930í, bhí stroighin agus tairní.

Lean an achrann ar a dtugadh Cogadh na hEacnamaíochta suas go dtí an bhliain 1938 nuair a shínigh de Valera agus Príomh-aire Neville Chamberlain na Breataine an Chomhaontas Tráchtála Angla-Éireannach. Chomh maith le réiteach ceisteanna na gcustam agus na mblianachtaí talún, fuair Éire seilbh ar thrí chalafort Cabhlach na Breataine a ghéilleadh sa Chonradh agus aithníodh Bunreacht na hÉireann a bhí díreach tar éis teacht i bhfeidhm inar thug Uachtarán na hÉireann áit Rí na Breataine mar cheann stáit.

 
Sráid I gCill Iníon Léinn, 2007. Tosaíodh ar eastáit tithíochta poiblí mar an cheann seo le linn blianta na 1930í agus na 1940í.

Ós rud é go bhfuair an Rialtas nua a thacaíocht ó oibrithe agus feirmeoirí beaga den chuid is mó, chuireadar an bhéim ar dtús ar fheabhsú coinníollacha sóisialta. Reachtaíodh dlíthe ar nós Acht na Monarchan agus Acht na gCoinníollacha Fostaíochta chun chearta na n-oibrithe a chosaint agus tosaíodh ar na mór-scéimeanna tithíochta poiblí. Tógadh eastáit nua ar nós Páirc Mhuire, Fionnradharc agus Tobar na Pingine sa chathair mar áit chónaithe sláintiúil do thionóintí slumaí lár na cathrach.

Lasmuigh den Dáil féin, lean naimhdeas an Chogaidh Chathartha ar na sráide le linn blianta na 1930í. Bhunaigh Eoin Ó Dufaigh Cumann na gComráidí Arm (nó na Léinte Gorma ar thugadh mar leasainm orthu) sa bhliain 1932 chun slógaidh polaitiúla Chumann na nGaedhal a chosaint ón IRA (mar a ghlaodh ar na hÓglaigh nár lean de Valera isteach i bhFianna Fáil). Fuair an gluaiseacht tacaíocht láidir ó choimeádaithe Caitliceacha agus ó fheirmeoirí mhóra agus uathu siúd an mheánaicme a bhí ag fulaingt go géar as Cogadh na hEacnamaíochta agus ghlacadar siombail, culaithe agus polasaithe eacnamaíochta a bhí bunaithe ar Fhaisistigh Mussolini na hIodáile. Bhris caismirtí amach idir na Léinte Gorma agus an IRA sa chathair agus ar fud an chontae sular imigh baill den dá bhuíon chun páirt a ghlacadh in aghaidh a chéile i gCogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1936.

Leathnaigh an troid pholaitiúil fiú amháin go dtí páirc an imeartha mar go raibh bá ag formhór lucht leanúna Átháin, an club iomána ba láidre sa chontae, don IRA agus d'Fhianna Fáil. Fuair na Léinte Gorma agus Fine Gael (chomharba Chumann na nGaedhal) an-thacaíocht i measc lucht leanúna Cromadh agus Éire Óg, na clubanna eile ab fhearr i Luimneach le linn na 1930idi. Ach dá mba rud é go raibh iomaíocht fhíochmhar laistigh den chontae ag an am, b'iad na blianta céanna ré órga na h-iomána i Luimneach. Le imreoirí den scoth ar nós Mícheál Mac Aodha agus Seán de Paor san fhoireann, bhuaigh an chontae Craobh Iomána na hÉireann sna blianta 1934, 1936 agus 1940.

An Dara Cogadh Domhanda, 1939 – 1946 cuir in eagar

 
Leacht Cuimhneacháin na Mairnéalach, Siúl Spokane sa bhliain 2007.
 
An Eastát Gaelach, Corrbhaile sa bhliain 2007. Tógadh na tithe príobháideacha seo le linn blianta na 1940idí agus chuir mórán bainisteoirí agus teicneoirí Aerfort na Sionainne fúthu iontu.

Cé go raibh roinnt daoine i bhfabhar na Gearmánaigh agus tuilleadh a raibh bá acu leis na Sasanaigh, níor ghlac Éire aon pháirt sa Dara Cogadh Domhanda agus fuair polasaí neodrachais de Valera tacaíocht láidir ó mhóramh an phobail. Cé gurbh é Proinsias Ó Riain, ceannaire an IRA a ghabhadh le linn Chogadh Cathartha na Spáinne a bhí ar thaobh na Gearmáine, an Luimníoch ba mhó le rá i rith an chogaidh, throid na céadta fear a rugadh sa chathair ar son Arm na Breataine, Arm Ceanada, Arm na hAstráile nó Arm Meiriceá ach bhí a bhformhór siúd ina gcónaí cheana féin sna tíortha sin roimh an mbliain 1939.

Ós rud é ná raibh aon loingeas trádála ag Éirinn ag tús an chogaidh, ba dheacair earraí a iompórtáil isteach sa tír nó a easpórtáil amach aisti agus, cheal breosla, bunábhair agus margaidh, chúlaigh an eacnamaíocht go géar, go mór mór nuair a bhí feachtas fomhuireán na Gearmáine ar bharr a réim san Atlantach Thuaidh. Dhein Iarthar na hÉireann níos measa as mar gur dhírigh trácht na mara ar chósta thoir agus ar chósta theas na tíre, áit a raibh níos mó cosaint ar fáil ó na fomhuireáin, agus mar go raibh beagnach na traein go léir ina stad d'easpa guail.

Chuaigh a bhformhór iad siúd a chaitheadh as obair isteach san Arm. De bharr tábhacht straitéiseach Luimnigh i gcás ionradh ó Shasana nó ón nGearmáin, bhí an-chuid saighdiúirí timpeall na cathrach. Líonadh na sean-bheairicí, tógadh ceann sealadach nua i gCnoc an Lioisín lámh le Míliuc agus bhí suas le 40,000 trúpaí bunaithe i Luimneach ag amanna áirithe.

D'fhás an aerthrácht trasatlantach sna 1930idí agus le linn an chogaidh agus ba é cósta thiar na hÉireann an áit Eorpach ba chóngaraí do Mheiriceá Thuaidh. Thuirling na báid eitilte[1] idir Sasana agus SAM i bhFaing (áit inar chum fear leanna an aerionaid, Seosamh Ó Sireadáin, an chéad Caife Gaelach sa bhliain 1944[2] chun na paisinéirí a choimeád te agus iad ag fanacht ar eitiltí), 30km siar ar Bhéal na Sionainne agus, níos déanaí, na heitleáin i Rinn Eanaigh (anois Aerfort na Sionainne), 25km siar ar an mbruach thuaidh.

Cúlú na g1950idí, 1946 – 1959 cuir in eagar

 
Scrín Mhuire I mBaile Sinéad sa bhliain 2007. Tógadh an-chuid scíní sa chathair le linn Blian Mhuire 1954.

Nuair a tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda, ligeadh ós cionn 200,000 saighdiúirí chun siúl agus, lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh, ba bheag an obair thionsclaíoch a bhí le fáil. Bhí Éire ag brath fós ar Shasana chun breosla agus bunábhair a sholáthair agus bhí uirthi fanacht go dtí go raibh a deacrachtaí eacnamaíochta féin réitithe ag an mBreatain. Agus ós rud é ná raibh an Stát páirteach sa chogadh, níor infheistíodh aon airgead i ngléasra táirgeachta lena linn agus ní bhfuair sí ach cabhair sách beag ó scéim Plean Marshall i gcomhair áth-thógála.

Dá bhrí sin agus cheal treoir soiléir ó rialtais laga na huaire, níor tharla aon míorúilt eacnamaíoch in Éirinn le linn blianta na 1950í, mar a tharla i dtíortha eile Iarthar na hEorpa. Ach cé ná raibh an tír in ann earraí a easpórtáil, bhí na mílte oibrithe díomhaoin aici agus bhí éileamh mór orthu chun infreastruchtúr na Breataine a atógáil. Thóg beagnach 500,000 Éireannaigh an Bád Bán (agus móramh an ghlúin a rugadh i mblianta na 1930í ina measc) idir na blianta 1947 agus 1960 agus thit daonra na cathrach agus, go mór mór, an chontae i léig.

D'ainneoin eisimirce dochreidte na gcaogaidí, chuir roinnt iasachtaigh fúthu sa chathair le linn an ama chéanna. Tháinig garraíodóirí ón Ollainn agus teithigh ón Ungáir ar chuireadh suas i gcampa Chnoc an Lioisín tar éis an éirí amach i mBudapest sa bhliain 1956 agus tá a sliocht fós i Luimneach le shloinní ar nós Van Veen, Droog, Olsthoorn agus Ivan orthu.

Ba é Aerfort na Sionna an t-aon ionad fáis amháin sa réigiún ag an am sin. Osclaíodh an chéad siopa saor ó cháin ar domhain ann sa bhliain 1948 chun freastail ar phaisinéirí a bhí ar a mbealach idir An Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Fostaíodh mórán oibrithe i seirbhísí nua ar nós áth-bhreoslacháin, deisiú eitleán, meitéareolaíocht, stiúir aerthráchta agus lónadóireacht.

Cé go raibh cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta ina bpraiseach, thosaigh an Stát ag infheistiú i ndáiríre i gcóras sláinte poiblí ceart le linn blianta na 1950idí. Clíodh ar eipidéim na heitinne, osclaíodh íoclanna áitiúla agus tógadh an Ospidéal Réigiúnach i dTúr an Daill agus Ospidéal an Mháithreachais Mhainchín ar Bhóthar na hInse. Leanadh leis an gclár tithíochta chomh maith agus tógadh eastáit nua i nGarraí Eoin, Baile Sinéad, Baile Neachtain agus Baile na Cora Thiar.

Bhí tionchar na hEaglaise Caitlicigh fós an-láidir i gcúrsaí morálta Luimnigh ach, mar sin féin, thóg an-chuid daoine leis an gcultúr nua-aimseartha a bhí ag teacht isteach ó Mheiriceá. Bhí deich bpictiúrlann sa chathair le linn blianta na 1950í agus thosnaigh ré an bhálseomra san am chéanna.

Saorthrádáil, 1959 – 1973 cuir in eagar

 
Malartán telefóin eircom ar Shráid de Róiste sa bhliain 2007. Tógadh le linn blianta na 1950í é.
 
Monarchan Fulflex, Bóthar Bhaile de Róiste sa bhliain 2007. Tógadh foirgnimh den stíl seo ar na heastáit tionscalacha le linn blianta na 1960í.
 
Bruach na Sionainne sa bhliain 2007. Tógadh an tithíocht príobháideach le linn blianta na 1960í.

Tháinig athrú mór ar shaol eacnamaíoch na tíre nuair a thoghadh Éamonn de Valera mar Uachtarán na hÉireann agus lean Seán Lemass é mar Thaoiseach sa bhliain 1959. Dhíríodh béim na hinfheistíochta ar thionscal, thosaigh an Rialtas ag eiseacht iasachtaí chun infreastruchtúr a thógáil, bunaíodh áisíneachta Stáit chun chomhlachtaí déantúisíochta iasachta agus turasóirí a mhealladh isteach agus earraí Éireannacha a easpórtáil agus íslíodh dleacht custaim ar mhórán earraí.

Ag an am gcéanna, bunaíodh Saorphort na Sionainne, an chéad ionad saor ó chustaim agus ó chánacha ar domhain, timpeall an aerfoirt chun fostaíocht nua a chur ar fáil nuair a d'imigh na haerlínte as i ndiaidh teacht ré an scairdeitleáin. Ba bhuntáiste mór é do dhéantóirí ardluacha ar bhain mór-úsáid as aeriompar agus tháinig tionscail ar nós diamaint, earraí leictreonacha, fáiscíní, uirlisí agus sainchlódóireacht isteach in eastáit an saorphoirt. Cruthaíodh an oiread sin jabanna ann le linn blianta na 1960í ná go raibh gá le baile nua nua a thógáil san áit chun dídean a sholáthar d'oibrithe na monarchan.

Lasmuigh den saorphoirt, tosnaoídh ar earraí ní os téagartha ar nós gléasra tí, veinír agus pacáisteacht cairtchláir a dhéanamh sa chathair. Leathnaigh an fhoireann oibre, go mór mór i measc na mban, d'fhill roinnt mhaith deoraithe ó Shasana agus, don chéad uair riamh, bhí airgead tirim i bpócaí coismhuintir na cathrach. Tógadh eastáit nua príobháideacha ar nós Cathair Daibhín, Corrbhaile, Tuar an Daill agus Radharc an Chláir ar imeall na cathrach agus, le leathnú na tithíochta thar teorann na siúl, tháinig méadú mór ar líon na ngluaisteán príobhádacha.

I dteannta le teacht an ghluaisteáin, tosnaíodh ar ionaid siopadóireachta a thógáil ins na bruachbhailte nua meánaicmeacha agus chuaigh lár na cathrach i léig. Agus ós rud é gur ghlanadh amach na slumaí a bhí fágtha fós le teacht na Seascaidí, leagadh mórán sean-chomharsanachta í an láir agus fágadh mar talamh lochta ar feadh blianta fada iad.

Ach tháinig éileamh nua ar thalamh i gcroílár na cathrach. Tógadh óstáin nua-aimseartha chun freastal ar thurasóirí (as Meiriceá a bhformhór) agus árais oifige i gcomhair ar na mbanc, na gcomhlachtaí árachais agus na n-áisíneachta Stát. Le méadú saibhris phearsantachta an phobail (go mór mór i measc na mban a raibh airgead dá gcuid féin acu anois), osclaíodh an-chuid siopaí nua chun éadaigh, troscán, gléasra leictreacha agus earraí tomhaltais eile a dhíol. Thosnaigh an ghnáthmhuíntir (daoine óga a bhformhór) ag itheadh lasmuigh den tigh agus osclaíodh an chéad bhialann Shíneach in Éirinn (an Hong Kong i Sráid Liam sa bhliain 1961), an chéad bhurgarlann (an Wimpy ar Shráid Uí Chonaill sa bhliain 1967), an chéad bhialann sicín friochta san Eoraip (an Kentucky Fried Chicken, anois an Chicken Hut, ar Shráid Uí Chonaill sa bhliain 1969) agus an chéad bheár caifé (an Continental Coffee Bar ar Shráid Phádraig sa bhliain 1966).

Ach fuaireadar a gcuid siamsa sa bhaile. Nuair a thosnaigh Telefís Éireann ag craoladh don chéad uair ar an 31 Nollaig 1961, laghdaigh lucht féachana na bpictiúrlanna go tobann agus dúnadh leath díobh le linn blianta na 1960í. Shroich na bálseomraí barr a réim timpeall na bliana 1965 sa chathair agus timpeall na bliana 1970 sa chontae.

Níor éirigh chomh maith sin le eacnamaíocht na tuaithe. Nuair a thosnaigh na comharchumainn móra ag ceannach na cinn beaga, dúnadh na h-uachtarlanna áitiúla agus, i ndiaidh eisimirce blianta na 1950í, dúnadh na fo-línte iarnróid agus roinnt mhaith scoileanna beaga chomh maith. D'éirigh an-chuid feirmeoirí beaga as obair agus, tar éis teacht an tarrachóra, laghdaigh an éileamh ar oibrithe talmhaíochta. D'imigh mórán daoine leo ón gcontae isteach sa chathair agus tosnaíodh ar thógáil na n-eastát móra tithíochta poiblí ar nós Cnoc Theas agus Maigh Rois. Ach ós rud é go rabhadar suite ar imeall na cathrach agus ná raibh aon áiseanna siopadóireachta nó seirbhísí poiblí i ngar dóibh, chruthaíodar a bhfadhbanna sóisialta féin, go mór mór i measc an aos óg le linn na mblianta dár gcionn.

Sa bhliain 1967, d'fhógair Aire Oideachais agus TD Luimnigh Thoir Donnchadha Ó Máille go mbeadh meánoideachais ar fáil saor in aisce do chách. Cuireadh le meánscoileanna lár na cathrach agus tógadh scoileanna nua sna bruachbhailtí chun freastal ar an méadú tobann ar líon na ndaltaí nua ach, maraon leis an mbunoideachas, níor fhás na foirgnimh chomh tapaidh agus a d’fhás méad na ranganna.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Flying Boats of Foynes". History Ireland (2013-02-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-11. Dáta rochtana: 2020-11-10.
  2. Cheryl Charming (2018-11-15). "The Cocktail Companion: A Guide to Cocktail History, Culture, Trivia and Favorite Drinks" (as en). Mango Media Inc..