Stephen Reid (ealaíontóir)

Maisitheoir agus péintéir Albanach ab ea Stephen Reid (1873–1948). Suíomhanna agus éadaigh Sheoirseacha na téamaí ba choitianta ina chuid saothar.

Infotaula de personaStephen Reid

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1873
Obar Dheathain, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1948
74/75 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmaisitheoir, péintéir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Cú Chulainn ag marú an chú, maisiúchán leabhair de chuid Stephen Reid, 1904

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Reid in Obar Dheathain. Oileadh é in Gray's School of Art agus in Acadamh Ríoga na hAlban. Toghadh é mar bhall den Royal Society of British Artists in aois a 33 bliana.[1] Chuir Edwin Austin Abbey anáil ar luathshaothar Reid.[2]

Aige seo síos cuid de na leabhair a mhaisigh Reid:

  • Hull, Eleanor (1904), The Boys' Cúchullain
  • Noyes, Alfred (1908), Magic casement; an anthology of fairy poetry
  • Wood, Eric (1910), Famous Voyages of the Great Discoverers
  • Rolleston, T.W. (1910), The High Deeds of Finn
  • Rolleston, T.W. (1911), Myths & Legends of the Celtic Race

Bhí a chuid maisiúchán le feiceáil in irisí freisin, The Strand Magazine agus The Connoisseur san áireamh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Stephen Reid at Books Illustrated". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-11-11. Dáta rochtana: 2018-09-18.
  2. Simon Houfe (1996). "The dictionary of 19th century British book illustrators and caricaturists". Antique Collectors' Club. Dáta rochtana: 28 Lúnasa 2012.