Steve Finnan

peileadóir Éireannach

Iar-pheileadóir sacair é Steve Finnan (nó Stiofán Ó Fionáin) a rugadh i mBaile na Cora Thiar i gCathair Luimnigh ar an 24ú Aibreán 1976. D'imir sé don chlub Espanyol go dtí Mí Iúil 2009, agus ansin do Phortsmouth go dtí 2010. Bhí sé ar fhoireann idirnáisiunta na hÉireann. D'imir sé mar thaca deas de ghnáth. Tá sé ar scor mar imreoir anois.

Infotaula de personaSteve Finnan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Aibreán 1976
47 bliana d'aois
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteSteve/Finny Cuir in eagar ar Wikidata
Airde183 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1993 –
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtPríomhroinn Shasana
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtLánchúlaí
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1993–1995 Welling United F.C. (en) Aistrigh 41(1)
1995–1996 Birmingham City Football Club 15(1)
1996–1996iasacht Notts County F.C. (en) Aistrigh 17(2)
1996–1998 Notts County F.C. (en) Aistrigh 80(5)
1998–2003 Fulham Football Club 172(7)
2003–2008 Liverpool Football Club 145(1)
2008–2009 Reial Club Deportiu Espanyol de Barcelona 4(0)
2009–2010 Portsmouth Football Club 21(0) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
2000–2008   Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann 53(2) Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2002Corn FIFA an Domhain 2002 Cuir in eagar ar Wikidata

FIFA: 179106 UEFA: 34371 Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

Chuaigh a chlann ar imirce go Sasana nuair nach raibh Stiofán ach ceithre bliana d’aois agus d’fhás sé suas i Chelmsford, Essex. Tá mórán gaolta fós aige i Luimneach agus baineann sé an-mhórtas as a Ghaelachas, rud a admhaíonn sé arís is arís in agallaimh phoiblí. Is col ceathar dó Ailbe Ó Fionáin (Albert Finnan), imreoir CP Luimnigh i mblianta na 1990í.

Tús imeartha cuir in eagar

Ba Welling United i Léag an Deiscirt a chéad club ach ba le Birmingham City a d’imir sé don chéad uair mar ghairm-pheileadóir sa bhliain 1995. Ni bhfuair sé ach 15 cluichí leo, áfach, agus d’aistriigh sé go Notts County an bhliain dár gcionn. Tar éis dhá bhliain agus 80 cluiche leosan, d’íoc an club as Londain Fulham £600,000 air agus ba bhall dá fhoireann a bhain áit sa Phremiership amach sa bhliain 2002. Aithníodh mar imreoir an-thapaidh é[fíoras?] le an-scil chros-phas chun an liathróid a dhíriú ar na lár-thosaithe istigh sa bhosca éirice[fíoras?].

Learpholl cuir in eagar

D’íoc Learpholl €4,900,000 chun a chonartha a cheannach sa bhliain 2003. Gortáiodh go minic é le linn a chéad bhliana sa chlub ach ghnóthaigh sé geansaí uimhir 2 dó féin ag tús an tséasúir dá gcionn. Sa bhliain chéanna, bhuaigh sé boinn sa Charling Cup agus i Sraith Seaimpín UEFA cé go raibh air an pháirc a fhágaint ag leath-am sa chluiche ceannais i gcoinne A.C. Milan de bharr gortú coise. D'imir sé le Learpholl ó 2003 go 2008.

Idirnáisiúnta cuir in eagar

D’imir Stiofán ar fhoireann na hÉireann don chéad uair ar an 26ú Aibreán, 2000 i mBóthar Lansdúin i gcoinne na Gréige. Tháinig sé isteach san fhoireann tar éis gortú Stiofán Mac Giolla Chearra agus is céad rogha na dtacaithe é beagnach ó shin i leith.