Péire bataí caola a úsáidtear sa chianoirthear chun bia a ithe. Fuarthas taifead orthu sa tSín ón 3ú céad. Bíonn stiallóga Síneacha cruinn neamhbhioraithe de ghnáth. Sa tSeapáin bíonn na stiallóga cearnach agus, le húsáid sa bhaile, péinteáilte le laicear is bioraithe. Cuireann proinntithe stiallóga itheacháin simplí adhmaid i gclúdach páipéir ar fáil do chustaiméirí, agus cartar iad tar éis úsáide amháin.[1]

Stiallóga itheachain

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Stiallóga itheacháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.