Is féidir leis na hadaimh i solad nascadh le chéile ar 3 bhealach. I solaid ianacha, cosúil le salann (clóiríd sóidiam, NaCl), cruthaíonn malartú leictreon nasc ianach idir iain luchtaithe. I solaid chomhfhiúsacha, cosúil le carbón is sileacan, roinneann adaimh chóngaracha leictreoin eatarthu, rud a chruthaíonn naisc chomhfhiúsacha. Sa dá chás seo bíonn na leictreoin ceaptha ag na hadaimh ar leith i nasc ar bith, agus is inslitheoir an solad. I miotail, deonann gach adamh leictreon amháin nó níos mó do mhuir leictreon atá beagnach saor (an gás saorleictreon) a bhfuil an t-eagar ian miotalach luchtaithe go dearfach báite inti. Nasc dáilte miotalach is ea an córas seo. Mar gheall ar an ngás saorleictreon, is seoltóir maith leictreach is teirmeach an miotal. Tagann an saghas nasctha san áireamh in airíonna fisiciúla is meicniúla uile na solad.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Struchtúr leictreonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 631.