Is spórt mara é an tsurfáil eitleoige a bhaineann úsáid as an ngaoth leis an duine a tharraingt tríd an uisce ar clár surfála beag nó ar chlár surfála eitleoige. Go hiondúil cuirtear an bhéim sa tsurfáil eitleoige ar mharcaíocht tonnta ach tá saorstíl ann chomh maith.

Infotaula d'esportSurfáil eitleoige
Cineálspórt uisce agus clármharcaíocht
Jesse Richman, tonn "Jaws", Peʻahi, Maui, Hawaii, 2016

Baineann an surfálaí eitleoige úsáid as clár le strapaí cos, nó gan iad, in éineacht le cumhacht ó eitleog mhór a bhíonn faoi smacht aige le hé féin nó í féin a tharraingt trasna dromchla na farraige. sa bhliain 2006, rinneadh meastachán ar líon na surfálaithe eitleoige agus measadh go raibh thart ar 150,000 go 210,000 ann, agus gur díoladh 114,465 eitleog an bhliain sin.

Tá an spórt ag éirí níos sábháilte mar gheall ar athruithe i ndearadh na n-eitleog, córais le scaoileadh leis an eitleog go sábháilte agus treoracha do na surfálaithe. Tá forbairt ag teacht ar an stíl le go mbeidh sí in oiriúint do shurfálaithe agus do choinníollacha éagsúla.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar