Sydney Templeman, Baron Templeman

breitheamh Briotanach (1920-2014)

Breitheamh Sasanach ba ea Sydney Templeman, nó An Tiarna Templeman (3 Márta 19204 Meitheamh 2014). Chaith sé tréimhse fhada mar bhreitheamh [1][2]

Infotaula de personaSydney Templeman, Baron Templeman
Beathaisnéis
Breith3 Márta 1920
Bás4 Meitheamh 2014
94 bliana d'aois
Tiarnaí Achomhairc i bPríomhfhíor
Ball de Theach na dTiarnaí
Tiarna Breitheamh Achomhairc
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Naomh Eoin Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheExeter
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbreitheamh, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileMargaret Joan Rowles (1946–)
Sheila Barton Templeman (1996–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePeter Morton Templeman
 ( Margaret Joan Rowles)
Michael Richard Templeman
 ( Margaret Joan Rowles) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHerbert William Templeman  agus Lilian Pheasant
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Rinne Templeman tamall saighdiúireachta a dhéanamh, 1941-45, san India agus Burma.

Céimí de chuid Ollscoil Cambridge (Coláiste Naomh Eoin) glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige air ag an Teampall Láir sa bhliain 1947

Bhain a chuid oibre leis an Seansaireacht den chuid is mó agus glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1964.

Ba cheart go mbeadh aithne ag mic léinn agus dlíodóirí in Éirinn agus i ndlínsí dlí coiteann eile air, mar gheall ar an tréimhse fhada a chaith sé mar bhreitheamh (ar Ard-Chúirt Shasana agus na Breataine Bige, 1972 go 1978; ar an gCúirt Achomharc, 1978 go 1982 agus i dTeach na Tiarnaí, 1982 go 1994) agus líon mór na mbreithiúnas snasta a thug sé thar raon leathan cásanna.

Bás agus conpóid cuir in eagar

D'éag An Tiarna Templeman agus é ceithre bliana is nócha d'aois, ar 4 Meitheamh 2014.[3]

Rinne duine dá bheirt mhac agóid dhlíthiúil in aghaidh a uachta, ar an mbonn nach raibh cumas intinne aige é a dhéanamh.

Cé nár leanadh ina chás féin an "riail órga" a leag an Tiarna Templeman síos sa bhliain 1975 chun díospóidí den sórt sin a sheachaint, dhiúltaigh An Ardchúirt don agóid sin ní ba luaithe i mbliana.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Lord Templeman: Law lord who helped fight tax avoidance and ruled" (en). The Independent (2014-06-18). Dáta rochtana: 2021-04-26.
  2. "Lord Templeman - obituary". www.telegraph.co.uk. Dáta rochtana: 2021-04-26.
  3. Validity of the last will of Lord Templeman (2020). "Goss-Custard & Anor v Templeman & Ors [2020 EWHC 632 (Ch) (19 March 2020)]". www.bailii.org. Dáta rochtana: 2021-04-26.