Anailís sampla fola a tógadh ó dhuine beo chun a hairíonna a dhéanamh amach is aon mhínormáltacht ina comhdhéanamh a bhrath. Déantar a leithéid le haghaidh diagnóisithe, mar shampla, chun leibhéil tuaslagáití is ceall sa bhfuil a thomhas, drugaí, nimheanna nó antasubstaintí a spreagadh ag ionfhabhtú a bhrath. Úsáidtear na tástálacha seo i gcásanna dlí freisin, mar shampla chun leibhéal alcóil sa bhfuil a thomhas go díreach i gcás tiománaí gluaisteáin le léamh ar anáileadáin a sheiceáil, atharthacht amhrasach a réiteach, agus coirpigh a bhrath is a ionannú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tástáil fola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 644.