Scannán trédhearcach plaisteach, cumhdaithe le páirteagail chriostalta mhaighnéadacha, tuímithe i vearnais, a léiríodh mar mheán éifeachtach taifeadta is atáirgthe fuaime ar dtús sna 1930idí. D'éirigh sí an-choitianta i ndiaidh an dara cogadh domhanda, agus ansin mar mheán taifeadta físeán is meán stórála i ríomhairí. Faoi na 1980idí bhí téipeanna ilraonacha in úsáid i dtaifeadadh digiteach i bhfeidhmeanna gairmiúla, agus an dlúthchaiséad, a thug comhlacht Philips isteach i 1964, i gceannas maidir le feidhmeanna baile. Le himeacht ama rinneadh feabhsuithe air seo le cumhdaigh nua, cosúil le crómdhéocsaíd is miotal, agus córais laghdaithe torainn. Úsáidtear mar mheán stórála fós í ar ríomhairí móra, suas le 750 m ar fhad is 12.7 mm ar leithead. Tá córais níos lú, agus an téip mhaighnéadach i gcartús, in úsáid go forleathan mar chórais cúltaca i gcomhair micriríomhairí, iad siúd le dioscaí Winchester go príomha. Baineadh feidhm as gnáthfhuaimtéipeanna chun breis stórála a sholáthar do mhicriríomhairí roimh theacht chun cinn na ndioscaí flapacha. Ach is mall na córais stórála is aisghabhála atá bunaithe ar théipeanna, agus tháinig na dioscaí maighnéadacha ina n-ionad. Faoi seo, córais sholadstaideacha stórála gan páirteanna inghluaiste atá i gceannas.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Téip mhaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 654.