Sraith córas atá cinntithe trí ghéinitic d'ábhair a fhaightear ar chillscannáin na gcealla dearga fola, a fheidhmíonn mar aglúitiniginí. Nuair a thagann aglúitinigin i dtadhall lena aglúitinin chomhlántach sa phlasma, greamaíonn na cealla dearga le chéile. I ndaoine, is é an córas ABO is mó atá ar eolas. Baineann gach duine le ceann amháin de na grúpaí A, B, AB, nó O, agus braitheann a rangú ar antaiginí A is/nó antaiginí B a bheith nó gan a bheith ar chillscannáin na gceall dearg. Nuair a bhíonn antaigin A as láthair ar na cealla dearga, bíonn antasubstaintí nádúrtha frith-A sa phlasma, agus mar an gcéanna maidir le hantaigin B. Roimh aistriú fola, is gá fuil an deontóra is an fhaighteora a chrosoiriúnú. Muna bhfuil siad oiriúnaithe, cuingreoidh antasubstaintí an fhaighteora le hantaiginí an deontora, téachtfaidh na heiritricítí coimhthíocha, agus is féidir go mbeidh sé seo marfach. Córais eile is ea córas Rh (Rhesus) agus córas MNS.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tíopáil fola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 664.