Tír mhiotasach san Fhiannaíocht is ea Tír na nÓg (Tír inna n-Óc sa tSean-Ghaeilge). Is í an tSíoraíocht is mó cáil uirthi sa bhéaloideas Gaelach í agus is ann a théadh Tuatha Dé Danann agus na sídhe chun cónaithe tar éis dóibh Éire a fhágáil. Tá Tír na nÓg cosúil le Síoraíochtaí eile sa bhéaloideas Gaelach, síoraíochtaí amhail Mag Mell agus Eamhain Úllach.

Oisín

Deirtí go raibh Tír na nÓg suite taobh thall d'imeall an domhain ar oileán sa chian-Iarthar agus nárbh fhéidir le duine dul ann gan turas fada crua a chur de nó gan cuireadh a fháil ó na sídhe a chónaíodh ann. Sna scéalta taistil (echtra agus immram) a raibh tóir orthu sa Mheánaois tugann laochra agus manaigh éagsúla cuairt ar an oileán seo a raibh a áitritheoirí saor ón mbreoiteacht, ón aois agus ón mbás. Is áit í nach ann ach don cheol, don áilleacht, don neart, don óige agus do gach ní taitneamhach sa saol.

Thar aon duine eile, baineann Tír na nÓg le hOisín, mac Fhinn Mhic Cumhaill, a imíonn ann in éineacht le bean álainn, Niamh Chinn Óir. Tar éis seal a chaitheamh ann is mór an fonn atá air filleadh ar Éireann chun a chuid cairde san Fhiann a fheiceáil, ach deirtear leis go bhfuil 300 bliain imithe thart cé go n-áiríonn Oisín nach bhfuil ach tamall de bhlianta caite. Filleann sé ar Éirinn ar chapall Néimhe ach roimh dó imeacht tugtar foláireamh dó gan chos a leagan ar an talamh agus é in Éirinn mar dá ndéanfadh sé amhlaidh thitfeadh aois na dtrí chéad bliain air láithreach. Nuair a bhaineann sé Éire amach fionnann sé go bhfuil na Fianna go léir básaithe. Agus é ar a chamchuairt iarann scata fear air cuidiú leo cloch mhór a bhogadh agus nuair a chromann sé síos chun amhlaidh a dhéanamh titeann sé ar an talamh agus déantar seanfhear de ar an toirt. Roimh dó bás a fháil insíonn sé a scéal do Phádraig Naofa.

Tagairtí cuir in eagar

  • Niall Ó Dónaill, Seanchas na Féinne, An Gúm (1996). ISBN 1-85791-149-0
  • James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford:(1998). ISBN 0-19-860967-1
  • W. B. Yeats, Fairy and Folk Tales of the Irish Peasantry, in A Treasury of Irish Myth, Legend, and Folklore, ISBN 0-517-489904-X