Gléas leictreach cistine is ea an tóstaer, agus é ceaptha le haghaidh arán a thóstáil, is é sin, é a thriomú agus a dhéanamh níos brisce.

Tóstaer cróim le dhá shliotán

Tá eilimintí simplí teasaireachta istigh sa tóstaer, nach bhfuil iontu go bunúsach ach sreanga miotail a théitear le leictreachas. Is é an tóstaer preabach an cineál is coitianta, is é sin, an cineál tóstaeir a bpreabfaidh an tslis aráin amach as, a thúisce is a bheidh sí réidh. Bíonn na gnáth-thóstaeir timpeall ar míle vatt ar cumhacht leictreach. Sna tóstaeir shimplí, is féidir seal tóstála na slise aráin a shocrú ar an amadóir, ach ar na saoltaí seo, tá cineálacha níos galánta ann freisin a bhfuil braiteoir teochta iontu le haithint, an bhfuil an tslis aráin sách te taobh istigh. Le tóstaeir den chineál sin, tá sé níos fusa arán reoite a théamh suas.

Tháinig an chéad tóstaer in úsáid i dtús na fichiú haoise, agus téann stair an tóstaeir phreabaigh siar go dtí an bhliain 1919.

Féach freisin cuir in eagar