Téarma ginearálta ar an áit a gcoimeádann ríomhaire sonraí fadtéarmacha a mbíonn gá leo chun na tascanna éagsúla a dhéanamh. Mar shampla, chun párolla a ríomh ní mór taifid na bhfostaithe is cláir na gcánacha a bheith ar fáil, ar a laghad, agus bheadh na sonraí seo sa tacastór. Tugtar an bulcstóran stóras tánaisteach air freisin. Bíonn toilleadh mór ann, agus aga rochtana níos lú ná i gcás na príomhchuimhne sa ríomhaire. Bhíodh téipeanna maighnéadacha in úsáid chuige seo, ansin stóráil mhaighnéadach diosca, ach faoi seo stóráil leathsheoltóra is mó a úsáidtear.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tacastór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 637.