Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin

file Éireannach

File Muimhneach ba ea Tadhg "Gaelach" Ó Súilleabháín (Rugadh é timpeall ar an mbliain 1715 meastar, agus bhásaigh sé 1795).[1]

Infotaula de personaTadhg Gaelach Ó Súilleabháin
Beathaisnéis
Breithc. 1715 (Iúlach)
Tuar na Fola Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1795
79/80 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Saol cuir in eagar

Saolaíodh i dTuar na Fola in iarthar Chontae Luimnigh é. Chaith sé thart ar 30 bliain in oirthear Chontae Chorcaí. Bhí baint aige le filí mar Eadbhard de Nógla agus Liam Inglis as cathair Chorcaí, agus Donncha Rua Mac Conmara as Contae an Chláir. Chum sé aislingí agus dánta Seacaibíteacha. Chaith sé seal i bpríosún i gcathair Chorcaí mar gheall ar cheann de na dánta Seacaibíteacha seo. Agus é meánaosta chuir sé faoi i nDún Garbháin. Chaith sé an chuid eile dá shaol i bPort Láirge agus is iomaí dán cráifeach a chum sé ann. Fuair sé bás i bPort Láirge sa bhliain 1795 agus cuireadh i reilig Bhaile Uí Fhlaithnín é.

Pious Miscellany cuir in eagar

Foilsíodh a dhánta cráifeacha don chéad uair i gCluain Meala sa bhliain 1802. Cé gur i nGaelainn a scríobhadh iad, teideal Béarla a bhí ar an leabhar: Timothy O'Sullivan's Pious Miscellany (Timothy O'Sullivan's Commonly Called Taidhag Goadhlach's Pious Miscellany). Thaitin siad go mór le Gaeilgeoirí Chúige Mumhan agus is iomaí eagrán eile a foilsíodh ina dhiaidh sin.

Foinsí cuir in eagar

  • Timothy O'Sullivan's Pious Miscellany / Timothy O'Sullivan's Commonly Called Taidhag Goadhlach's Pious Miscellany
  • Amhráin Thaidg Gaedhealaigh Uí Súilleabháin iar n-a gcruinniughadh is a gcur i n-eagar leis an Athair Pádraig Ua Duinnín (BÁC 1903)
  • Pádraig J. Daly, eag., Furnace of Love: A Selection from the Religious Poetry of Gaelach Ó Súilleabháin (BÁC: Dedalus Press 2002).

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar