Takekazu Asaka

teangeolaí Seapánach

Teangeolaí agus ollamh le fileolaíocht Rómánsach ag Ollscoil Tsudajuku, Tóiceo is ea an Seapánach Takekazu Asaka (a rugadh i Tóiceo sa bhliain 1952). D'aistrigh sé saothair scríbhneoirí na Gailísise mar Rosalía de Castro, Ramón Cabanillas, Uxío Novoneyra go Seapáinis. D'fhoilsigh sé an chéad ghraiméar Gailísise sa tSeapáinis. Sainmhínítear é mar "ambasadóir ar an gcultúr Gailísise sa tSeapáin".[1]

Infotaula de personaTakekazu Asaka
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 浅香武和
Beathaisnéis
Breith1952
71/72 bliana d'aois
Tóiceo, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síKansai Gaidai University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, ollamh, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeapáinis agus an Ghailísis

Tá sé freagrach as eagrú, i dTóiceo agus i gcathracha eile, ciogail ceoil agus filíochta Gailísise chun 'Día de las Letras Gallegas' (Gaeilge: Lá Litríochta na Gailísise) a cheiliúradh. Ó mhí an Mheithimh 2017, ba chomhalta comhfhreagrach den Real Academia Galega é (Acadamh Ríoga na Gailísise), mar aitheantas ar a chuid oibre.

Saothair cuir in eagar

  • Gramática do galego moderno (dátheangach Seapáinis - Gailísis) . (1993) Tokio : Daigakusyorin. (195 leathanach, ISBN 4-475-01807-2)
  • Guía de conversación en Galego (1994)
  • Vocabulario básico da lingua galega . (1996) Tokio : Daigakusyorin. ISBN 4-475-01231-7 . (Is innéacs Gailiísise - Spáinnise - Seapáinise iad na chéad 122 leathanach. Tá na chéad 158 leathanach eile ina gcobhéisí Spáinnise - Gailísise agus tá críoch an leabhair dírithe ar chobhéisí Seapáinise - Gailísise - deir raiteas tosaigh an leabhair go bhfuil 2600 cobhéis ann)
  • Cantares gallegos (aistríodh go Seapáinis sa bhliain 2002). Publicación DTP.
  • Cantata a Ramón Cabanillas (2013)
  • Contos da miña terra (aistríodh go Seapáinis sa bhliain 2014)
  • Xograr Martín Codax (2015)
  • Nova gramática do galego (2017)
  • Os Eidos (eagrán dátheangach Gailíse - Seapáinise a foilsíodh sa bhliain 2017)

Tagairtí cuir in eagar