Is éard is teanga chomharthaíochta (ar a dtugtaí nodaireacht chomharthaíochta tráth[1]) ann ná teanga a bhaineann úsáid as an modúlacht amhairc in ionad focail labhartha chun smaointe a chomhroinnt. Agus teangacha comharthaíochta á n-úsáid ag comharthóirí, baintear leas as na lámha i dteannta le marcóirí neamhláimhe chun brí a chur in iúl. Is teangacha nádúrtha iomlána iad teangacha comharthaíochta, a bhfuil a gcuid gramadaí agus stór focal féin acu.[2] Tá iliomad teangacha comharthaíochta ann agus ní bhíonn siad intuigthe dá chéile de ghnáth,[3] cé go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir teangacha comharthaíochta éagsúla freisin.

Infotaula de llenguaTeanga chomharthaíochta

Cineálcineál teanga
Aicmiú teangeolaíoch
teanga
teangacha chomharthaíochta
Tréithe
Stairhistory of sign language (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2sgn
ISO 639-5sgn
Glottologsign1238
ASCL97
IETFsgn
Beirt fhear agus bean ag comharthú Teanga Chomharthaíochta Mheiriceá (2008)

Dar le teangeolaithe, is cineálacha teanga nádúrtha iad an chumarsáid labhartha agus an chumarsáid chomharthaíochta araon, rud a chiallaíonn gur tháinig an dá acu chun cinn trí phróiseas teibí fadtéarmach agus gur fhorbair siad le himeacht ama gan bheith faoi réir mionphleanála.[4] Ní hionann teanga chomharthaíochta agus comharthaíocht choirp, saghas cumarsáide neamhbhriathartha.

Cibé áit a bhfuil pobal bodhar, d'fhorbair teanga chomharthaíochta ann mar mhodh áisiúil cumarsáide. Cé gur i measc daoine bodhra agus daoine faoi allaíre a úsáidtear comharthaíocht láimhe den cuid is mó, bíonn sí á húsáid ag daoine a bhfuil éisteacht acu freisin, ar nós daoine nach bhfuil ar a gcumas labhairt, daoine a bhfuil deacrachtaí acu le teanga labhartha mar gheall ar mhíchumas nó fadhb shláinte (cumarsáid mhalartach), agus iad siúd a bhfuil daoine muinteartha bodhra acu.

Ní fios go cruinn cé mhéad teanga chomharthaíochta atá ar domhan. Go hiondúil bíonn a teanga chomharthaíochta dhúchais féin ag gach tír, ach bíonn níos mó ná ceann amháin ag cuid acu. Tá stádas oifigiúil bainte amach ag roinnt teangacha chomharthaíochta.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "téarma.ie". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-01-11.
  2. Sandler, Wendy; & Lillo-Martin, Diane. (2006). Sign Language and Linguistic Universals. Cambridge: Cambridge University Press.
  3. What is Sign Language?”. Linguistic society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 February 2018. Dáta rochtana: 10 March 2018.
  4. E.g.: Irit Meir, Wendy Sandler, Carol Padden, and Mark Aronoff (2010): Emerging Sign Languages. In: Marc Marschark and Patricia Elizabeth Spencer (eds.): The Oxford Handbook of Deaf Studies, Language, and Education, Vol. 2, pp. 267–80.