Is éard is teanga thonúilteanga thuiníoch ann ná teanga ina bhfuiltear ag baint úsáid as toin nó tuineanna éagsúla le focail a aithint thar a chéile. Is é sin, i dteangacha den chineál seo is féidir nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal ach an ton, ach san am céanna, gur dhá fhocal éagsúla iad ó thaobh na brí agus na sanasaíochta de.

Infotaula de llenguaTeanga thonúil
Cineálcineál teanga
Aicmiú teangeolaíoch
teanga
Tréithe
Staidéar agteangeolaíocht agus foghareolaíocht

Tá a fhios ag an saol mór gur teanga den chineál seo í an tSínis, ach le fírinne, bíonn teangacha tonúla an-choitianta in Oirthear na hÁise, san Afraic, agus i measc theangacha bundúchasacha an Oileáin Úir. Bíonn tréithe tonúlachta le haithint ar a lán teangacha eile uaireanta, áfach.

Tagairtí cuir in eagar