Is iad trí teangacha den chineál céanna iad na teangacha Gaelacha: Gaeilge, Gaeilge Mhanann, agus Gaeilge na hAlban. Síolraíonn siad go leor ón tSean-Ghaeilge a labhraíodh in Éirinn, agus ba theanga scríofa í ón 8ú haois agus roimhe.

Infotaula de llenguaTeangacha Gaelacha
Cineálfine teangacha
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
Cóid
Glottologgoid1240
Linguist Listgoid

Is dream amháin den fine teangacha Ceilteacha é an dream Gaelach (nó Q-Ceilteach), agus is é an ceann é an fine Breatnach (nó P-Cheilteach).

Rinne Gaeil as Éirinn ruaigeanna, agus ina dhiaidh sin churadar fúthu in iardheisceart na hAlban. Thugadar an Ghaeilge leo, agus de réir a chéile ba í an Ghaeilge an gnáth-theanga i gcuid is mó d'Albain go dtí an 17ú haois.

Bhí tionchar na Gaeilge go láidir freisin in Oileán Mhanann, agus cé gur cailleadh an cainteoir dúchais deiridh i nGaeilge Mhanann i lár an 20ú haois, tá daoine fós ag saothrú na teanga ar chúiseanna cultúrtha agus oidhreachta.

Sna sean-scríbhinní bhí an Gaedhealg mar fhoirm coitianta ar theanga dúchasach na hÉireann, ach bhí raidhse bealaí lena rá, maille le leaganacha eile. Féach tús an ailt Gaeilge. Ach leis an gcaighdeánú litriú agus gramadaí a rinneadh san am ar chuir rialtas Saorstát Éireann an cló Rómhánach ar an teanga, féachann ainmneachas na saghsanna Gaeilge, chomh maith le roinnt mhaith eile d'ábhar na dteanga, níos faide óna chéile.

Is iad na teangacha Gaelacha, agus ainm na teangan i dteanga na tíre féin á leanúint, ná:

  • Gaeilge, a dtugann lucht na teangan an Ghaeilge uirthi.
  • Gaeilge na hAlban, a dtugann lucht na teangan an Ghàidhlig uirthi.
  • Gaeilge Mhanann (uaireanta Manainnis), a dtugann lucht na teangan an Ghaelg uirthi.
v · t · e Teangacha Ceilteacha
canol
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
canolcanolcanolcanolcanolcanol
Gaeilge ·Gaeilge Mhanann ·Gaeilge na hAlban |Briotáinis ·Coirnis ·Breatnais
canol
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh