Is í an Danmhargais príomhtheanga Ríocht na Danmhairge agus í mar an t-aon teanga oifigiúil. Tá an Ghraonlainnis agus an Fharóis aitheanta mar teangacha réigiúnach agus iad á labhairt sa Graonlainn agus in Oileáin Fharó faoi seach. Chomh maith leis sin tá mórchuid do dhaonra na Danmhairge (86%) in ann an Béarla a labhairt agus tá 58% don daonra in ann an Ghearmáinis a labhairt de réir suirbhé a dhein Eurobarometer sa bhliain 2005. Tá an Ghearmáinis á labhairt in áiteanna i ndeisceart na Danmhairge ar an dteorainn leis an nGearmáin.

Teangacha na Danmhairge