Orgán lena ngreamaíonn plandaí dreapaire le tacaíochtaí. Díorthaítear iad ó dhuilleoga modhnaithe, géaga nó bláthraí. Cornann an chuid is mó de na teannóga timpeall na dtacaíochtaí, ach i gcásanna eile críochnaíonn siad i mburla greamannach, cosúil le súiteoir. Tá cuid an-bheag díobh fótatrópach agus fásann isteach i scoilteanna dorcha sa tacaíocht.[1]

Teannóg
Planda ag dreapadh dréimire

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teannóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 647.