Insliú teirmeach. Tarlaíonn seoladh teasa trasna aon ábhair nuair a bhíonn grádán teochta trasna an ábhair sin. Aistrítear an teas síos an grádán go leanúnach ón taobh ag teocht ard go dtí an taobh ag teocht íseal. Braitheann an méid teasa a sheoltar trasna an chisil in aghaidh an tsoicind (an teaschumhacht sheolta) ar an ngrádán teochta, achar an chisil trína seoltar an teas, agus tairiseach an ábhair féin ar a dtugtar a sheoltacht theirmeach. Seoltóirí maithe is ea na miotail, agus is drochsheoltóirí (inslitheoirí) iad adhmad, ábhair phlaisteacha, is ábhair ghásacha. Is teasdíontóir ábhar nach bhfuil go maith chun seolta. Is féidir teasdíonadh a chur i bhfeidhm is an teaschumhacht sheolta a laghdú, ní hamháin trí theasdíontóir a roghnú, ach an fhairsinge a laghdú nó tiús an ábhair theasdíonta a mhéadú. I seoladh teasa, is é an rud is mó a tharlaíonn ná malartú fuinnimh chinéitigh idir leictreoin san ábhar trí bhíthin na dteagmhálacha eatarthu. Is mó an fuinneamh cinéiteach atá ag leictreoin na móilíní ar an taobh te den ábhar ná iad siúd ar an taobh fuar. Is mó iad teagmhálacha na leictreon teo le leictreoin a bhfuil fuinneamh níos lú acu, agus mar sin bronnann siad breis fuinnimh ar na leictreoin sa tsraith den ábhar atá níos ísle ar an ngrádán teochta. Mar sin, brúitear teasfhuinneamh síos an grádán sin. Déantar pota cócaireachta as miotal mar chopar nó alúmanam atá araon ina n-ábhair sheoltacha, chun gur féidir an teas a sheoladh isteach ann go héasca. Ach déantar cos an phota as adhmad nó plaisteach éigin (nó clúdaítear lena leithéid d'ábhar teasdíonach í) chun cosc a chur ar sheoladh teasa go dtí lámh an chócaire. Is beag an seoladh teasa a tharlaíonn trí fhionnadh ainmhithe is cleití éan, toisc an oiread sin aeir a bheith gafa iontu. Tugann na hábhair sin teasdíonadh díreach, cosúil le héadach olla.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teasdíonadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 648.