Is éard is an teoiric adamhach ann ná an teoiric eolaíocha a luann go bhfuil damhna comhdhéanta de cháithníní ar a dtugtar adaimh. Rianaíonn an teoiric adamhach a bunús siar go dtí traidisiún fealsúnachta ársa ar a dtugtar adamhachas. De réir an smaoinimh seo, dá dtógfadh neach cnap damhna agus é a ghearradh ina phíosaí níos lú agus níos lú fós, shroichfeadh neach pointe sa deireadh nach bhféadfaí na píosaí a ghearradh ina rud níos lú. D'ainmnigh fealsúna na Sean-Ghréige na cáithníní deiridh hipitéiseacha seo atomos, focal a chiallaigh "neamhghearrtha".

Is éard atá i múnla teoiriciúil reatha an adaimh núicléas dlúth timpeallaithe ag “scamall” dóchúil leictreon

Go luath sna 1800idí, thug an t-eolaí John Dalton faoi deara gur chosúil go raibh substaintí ceimiceacha ag comhcheangal agus ag briseadh síos ina shubstaintí eile de réir meáchain i gcomhréireanna a thug le tuiscint go bhfuil gach dúil cheimiceach comhdhéanta de cháithníní beaga bídeacha de mheáchan comhsheasmhach.

Tagairtí cuir in eagar

Tuilleadh léitheoireachta cuir in eagar