Teoiric chinéiteach na ngás

Teoiric chlasaiceach na ngás, ina nglactar leis an gás mar bhailiúchán de cháithníní comhionanna. Géilleann siad do dhlíthe meicnice Newton, agus déanann imbhuailtí leaisteacha le chéile is le ballaí an tsoithigh iata ina bhfuil siad. Trí dhlíthe na meicnice a chur ag obair, chomh maith le staitistic, is féidir gaolta idir gluaisní na gcáithníní is airíonna teirmidinimiciúla toirte an gháis (brú, teocht is eile) a dhíorthú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric chinéiteach na ngás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.