Is éard is teoirlíneiseaghluais ann ná líne a mharcálann an teorainn a bhfuil difear i dtréith teanga le brath ar an dá thaobh. Nuair a thagann grúpa de na línte seo le chéile tugtar ‘crios iseaghluaiseanna’ air. Cabhraíonn a leithéid seo le teangeolaithe tuiscint a fháil ar chanúintí agus mar a n-athraíonn siad ó áit go háit.

Teoirlínte na Gaeilge cuir in eagar

Tá coincheap chanúintí na Gaeilge fite fuaite le teorainneacha tíreolaíocha na tíre. De bharr go raibh stráicí móra i gCúige Uladh, i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht a bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu agus leagadh na hainmneacha sin anuas ar na canúintí.

Tá siad seo bunaithe ar obair a rinne teangeolaithe ar Ghaeilge dhúchais na n-áiteanna seo nó mura raibh a leithéid ann obair bhleachtaireachta nuair a bhíothas in ann a dhéanamh amach ó na logainmneacha a fágadh cén cruth a bhíodh ar an nGaeilge in áit faoi leith.

Tagairtí cuir in eagar