The Podge and Rodge Show

sraith theilifíse

Clár siamsaíochta Éireannach do dhaoine fásta é The Podge and Rodge Show a craoladh dé Luan agus dé Máirt ar RTÉ 2. Cuireann dhá phuipéid i láthair é: Podge agus Rodge, agus is í Lucy Kennedy an "leas-láithreoir" ar an gclár.

Infotaula de sèrie de televisióThe Podge and Rodge Show
Séanraclár cainte
Príomhábharteaghlach mífheidhmiúil
Aisteoirí
TírÉire
BunteangaBéarla
TeangaBéarla
Bealach teilifíseRTÉ a Dó
An chéad eipeasóid6 Feabhra 2006
An eipeasóid dheireanach27 Aibreán 2010
Líon séasúr5
Líon eipeasóidí164
Liosta eipeasóidílist of The Podge and Rodge Show episodes (en) Aistrigh
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilrte.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0805442 Metacritic: tv/the-podge-and-rodge-show TV.com: shows/the-podge-and-rodge-show Cuir in eagar ar Wikidata

Is clár coiméideach é, ina ndéantar agallamh le daoine cáiliúla agus cuirtear ceisteanna drochbhéasacha orthu a chuireann náire ar na daoine faoi agallamh ó am go chéile. I measc na ndaoine a bhí ar an gclár bhí Bláthnaid Ní Chofaigh, Dicky Rock, Síle Seoige agus Keith Duffy.

I rith an chláir bíonn cluichí ar siúl leis an lucht féachana, agus bíonn Lucy Kennedy amuigh ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath ag déanamh suirbhéanna do Phodge agus Rodge.

Thosaigh Podge agus Rodge amach ar The Den le Ian Dempsey sna 1990í agus chuaigh siad go A Scare at Bedtime with Podge and Rodge sa bhliain 1999, ach tá an sean-chlár críochnaithe inniu. Sa bhliain 2006 craoladh seó beo de chuid Podge & Rodge i Vicar Street darbh ainm Desperate for Housewives.

Tagairtí cuir in eagar