Racbhanna Meiriceánach ab ea The Velvet Underground, a bhí gníomhach idir na blianta 1965 agus 1973. Na baill is cáiliúla a bhí ann ná Lou Reed agus John Cale, an bheirt úd a bhain rath nach beag amach mar cheoltóirí aonair. Cé nach raibh mórán ratha tráchtála ag an mbanna ina linn féin, bíonn siad luaite i gcónaí ag na criticeoirí mar cheann de na grúpaí ba thábhachtaí agus ba mhó tionchar riamh, a thóg spreagadh an-mhór do cheoltóirí nua. Mar a deirtear, ní fhaca mórán daoine an banna ag seinm riamh, ach bhunaigh gach duine dóibh bannaí.

Bosca Sonraí EagraíochtaThe Velvet Underground
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósThe Velvet Underground Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1965, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1964 –  1994
Lipéad ceoilVerve Records
MGM Records
Atlantic Records
Cotillion Records
Mercury Records
Polydor Records
Sire
Metro-Goldwyn-Mayer Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac-ealaine, rac torainn, rac malartach, rac-cheol, rac turgnamhach, rac-cheol tíre, gormrac, rac sícideileach, ceol avant-garde, prótaphunc, crónán, Bruitisme, popcheol ealaine agus avant-punk (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar suntasach
Stiúrthóir/bainisteoirAndy Warhol
Steve Sesnick (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinvelvetundergroundmusic.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0892754 Facebook: TheVelvetUnderground Youtube: UCXNWrugB_J3sRBYR9idQWzg Souncloud: thevelvetundergroundofficial Spotify: 1nJvji2KIlWSseXRSlNYsC Last fm: The+Velvet+Underground Musicbrainz: 94b0fb9d-a066-4823-b2ec-af1d324bcfcf Songkick: 87540 Discogs: 39766 Allmusic: mn0000840402 Deezer: 1559 Cuir in eagar ar Wikidata

B'as Cathair Nua-Eabhrac dóibh. Bhí baint ag an ngrúpa le fochultúr ealaíne Andy Warhol, agus tháinig seisean isteach mar bhainisteoir orthu. Chum siad ceol agus liricí a chuaigh díreach in aghaidh na gcaighdeán sóisialta a bhí ann sna laethanta úd — mar shampla cultúr na ndrugaí, an striapachas agus ábhair eile ón taobh dorcha den chathair. Mar thoradh, d'oscail siad a lán doirsí do ghrúpaí eile a thiocfadh ar an bhfód níos déanaí. Mar chumadóirí, bhí siad an-trialach i gcónaí agus d'imir dearcadh an bhanna tionchar mór ar phunc-rac sna seachtóidí agus ar rac malartach sna nóchaidí.

Chuir Rolling Stone an t-albam The Velvet Underground and Nico ag uimhir 13 ar an liosta de na halbaim is fearr riamh sa bhliain 2003.

Albaim cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar