Thomas Antisell

dochtúir agus múinteoir Gael-Mheiriceánach

Ceimicí, geolaí is lia a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Thomas Antisell (16 Eanáir 181714 Meitheamh 1893). Comhoibrí le Robert Kane agus príomhcheimicí i Músaem Tionsclaíochta na hÉireann. I 1845 d'fhoilsigh sé téacsleabhar ar cheimic na talmhaíochta, in Éirinn go háirithe, agus i 1846 d'fhoilsigh Irish Geology (Geolaíocht na hÉireann).

Infotaula de personaThomas Antisell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Eanáir 1817
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Meitheamh 1893
76 bliana d'aois
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Comhairleoir rialtas eachtrach sa tSeapáin le linn thréimhse na Meiji
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Royal College of Surgeons of England (en) Aistrigh - Dochtúir Leighis (–1839) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir, dochtúir leighis, geolaí, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Georgetown Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 22284388 Cuir in eagar ar Wikidata

Ball de na hÉireannaigh Óga, agus theith sé go Nua-Eabhrac i 1848 mar gheall ar an ngéarleanúint ar an ngluaiseacht.

Chleacht sé an mhíochaine is an cheimic ansin go dtí 1854 nuair a fuair post mar gheolaí i bhfeachtas suirbhéireachta don iarnród in Arizona is California ag trasnú sléibhte an Sierra Nevada.

Chaith sé blianta ina dhiaidh sin mar phríomhcheimicí in oifig na bpaitinní, agus le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá bhí ina mháinlia sinsearach i gcór míochaine arm an Aontais.

I ndiaidh an chogaidh cheangail sé leis an Roinn Talmhaíochta mar cheimicí. 1871-1877, ina chomhairleoir do choimisiún ón Roinn Talmhaíochta chun na Seapáine chun cabhrú leis an tír sin fadhbanna talmhaíochta a réiteach. D'fhill sé ar oifig na bpaitinní gur éirigh as i 1891.[1]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Thomas Antisell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 42.