Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk
Ba dhuine uasal agus polaiteoir Sasanach é Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk KG PC (1443 - 21 Bealtaine 1524), nó Iarla Surrey mar a thug sé air féin, ó 1483 go 1485 agus arís ó 1489 go 1514. Ba é an mac ba shine é de John Howard, 1ú Diúc Norfolk, ag a chéad bhean, Catharina de Moleyns. Ba seanathair na Banríona Anne Boleyn agus na Banríona Catherine Howard é an Diúc agus sin-seanathair na Banríona Eilís I. Bí se ar seirbhís do cheithre mhonarc mar shaighdiúir agus mar státaire.
Tosach a shaoil cuir in eagar
Rugadh Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk, sa bhliain 1443 ag Stoke-by-Nayland, Suffolk, an t-aon mhac fós beo ag John Howard, 1ú Diúc Norfolk, ag a chéad bhean chéile, Katherine, iníon Sir William Moleyns (a fuair bás 8 Meitheamh 1425) agus a bhean Margery. Fuair sé a chuid oideachais ag Scoil Ghramadaí Thetford.
Seirbhís faoi. Éadbhard IV cuir in eagar
Agus é ina fhear óg, chuaigh sé isteach i seirbhís an Rí Edward IV mar ghiolla gualainne. Thóg Howard taobh an Rí nuair a thosaigh an cogadh sa bhliain 1469 le Iarla Warwick, agus thóg sé tearmann ag Colchester nuair a theith an Rí go dtí an Ísiltír i 1470. Chuaigh Howard ar ais sna fórsaí ríoga nuair a d'fhill Éadbhard ar ais go Sasana sa bhliain 471, agus gortaíodh go dona é ag Cath Barnet ar an 14 Aibreán 1471. Ceapadh é mar esquire of the bodysa bhliain 1473. Ar an 14 Eanáir 1478 rinne Éadbhard IV ridire de nuair a phós an dara mac an Rí, an Diúc Eabhrac óg, agus an Lady Anne Mowbray (a fuair bás 1481).
Seirbhís faoi Richard III cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |