Is éard is timpeallghearradh fireann ann (ón Laidin circumcidere, a chiallaíonn "gearradh timpeall") ná an forchraiceann (prepuce) a bhaint ón mbod, tré ghnáthamh máinliachta.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtTimpeallghearradh
Aitheantóirí
MeSHD002944
Acmhainní seachtracha
EB Onlinetopic/circumcision-ritual-surgical-procedure
Téarmaíocht anatamaíoch

Modhanna cuir in eagar

Sa ghnáthamh tipiciúil, osclaítear an forchraiceann agus ansin scartar ón mbreall é, tar éis cigireachta. Tar éis an gléas timpeallghearrtha (más in úsáid) a bheith curtha, ansin baintear an forchraiceann.

Is féidir ainéistéise a instealladh ar barr nó go logánta chun pian agus strus fiseolaíochta a laghdú. I gcás daoine fásta, tá ainéistéise ghinearálta mar rogha, agus is minic a dhéantar an gnáthamh gan gléas timpeallghearrtha speisialaithe.

Is féidir le timpeallghearradh a bheith ag teastáil ar chúiseanna teiripeacha agus phróifiolacsach araon. Is rogha chóireála é don fiméóis (Gréigis::φῑμός, phimós, «béal») agus don bhalanoposthitis, agus le haghaidh ionfhabhtuithe ainsealaí chonair an fhuail, ach tá sé neamhiarrtha i gcás roinnt gcásanna áirithe giniúna nó i gcásanna drochshláinte ginearálta.

Stair cuir in eagar

 

Bhí tóir ar an traidisiún go forleathan sa Mheán-Oirthear san anallód, i bhfad sular ghlac na hIosraeilítigh an nós chucu féin.[1] Ach thug siad san brí nua don nós – bhí sé ina chomhartha cultúrtha agus creidimh acu. Mar thoradh air sin, mar shampla, níor cheadaíodh do bhean Iosraeilíteach fear gan timpeallghearradh a phósadh,[2] agus tá mórán téacsanna bíobalta a thaispeánann an drochmheas a bhí ag na hIosraeilítigh ar chiníocha gan timpeallghearradh[3]. I ré an Tiomna Nua glacadh leis an timpeallghearradh mar chomhartha den idirdhealú idir Giúdaigh agus ciníocha gan timpeallghearradh. In Eif 2:11 tugtar “lucht an timpeallghearrtha” ar na Giúdaigh agus “lucht an fhorchraicinn” ar na Gintlithe.

Nósanna cuir in eagar

Searmanais Ainmnithe Ghiúdacha cuir in eagar

Ní bhíonn ach buachaillí eile agus fir sa seomra ina déantar an timpeallghearradh[4] agus ní féidir ach le duine sainchleachtaithe sa searmanas é a dhéanamh.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. materdei.ie[nasc briste go buan]
  2. Gein 34:14-17; Breith 14:3
  3. m.sh. 1 Sam 17:26,36
  4. foras.ie

Naisc sheachtracha cuir in eagar