Timthriall bunúsach na teirmidinimice, a thairg Sadi Carnot i 1824 mar chuid dá iarracht feidhmiú an inneall gaile a mhíniú. 4 chéim atá sa timthriall seo: forbairt isiteirmeach (téamh ag teocht thairiseach, le laghdú brú), forbairt aidiabatach (laghdú brú is teochta, gan athrú fuinnimh), comhbhrú isiteirmeach (fuarú ag teocht thairiseach, le méadú brú), agus comhbhrú aidiabatach (méadú brú is teochta, gan athrú fuinnimh). De réir dlí Carnot, ní féidir le hinneall ar bith eile a bheith níos éifeachtaí ná inneall Carnot a leanann timthriall Carnot. Más í Ti teocht an ionchuir agus To teocht an aschuir, is í éifeacht an innill e = (Ti - To)/Ti. Mar thoradh ar fhadhbanna fisiciúla is miotalóireachta, níl timthriall Carnot praiticiúil, ach saothraíodh timthriallta eile le cur síos ar innill phraiticiúla, timthriall Otto, timthriall Diesel is eile.[1]

Teasinneall Charnot

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Timthriall Carnot". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 118.