Is í an t-ochtú litir den aibítir oghaim an Tinne,[1][2] le ciall 'teilgean' nó barra iarainn.[3] Is cuileann í an litir i gCóras na gcrann. Is í an tríú litir den Aicme Uatha. Is é [t] a luach foghraíochta.

Bosca Sonraí GraiféimTinne

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
 < dair Cuir in eagar ar Wikidata   coll Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Is dócha gur gaolta is ea an focal le tend[4]tind[5] na Sean-Ghaeilge.

Bríatharogam cuir in eagar

Is iad seo a leanas na nathanna meafaracha, ar a nglaoitear Bríatharogam (kennings) orthu:

  • trian roith, i mBríatharogam Morann mic Moín
  • smior guaile, i mBríatharogam Mac ind Óc
  • trian airm, i mBríatharogam Culainn.[6]

De réir na fianaise seo, is léir gurb is brí le Tinne sa tSean-Ghaeilge ná "barra miotail”.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 3 tinne ar eDIL, an litir T; cuileann, craobh troim
  2. tinne1 ar teanglann.ie FGB, teilgean
  3. McManus, Damian (1991). "A Guide to Ogam" 4. Co. Chill Dara, Éire: An Sagart. ISSN 0790-8806. 
  4. 1 tend2 tend, tréan, ar eDIL
  5. 1 tind, drilseach, ar eDIL
  6. Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P