Titanic Belfast

lárionad comhdhála

Is músaem é Titanic Belfast atá suite sa Cheathrú Titanic i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann.[1] Tugann 3 mhilliún duine cuairt ar an Titanic gach bliain. Is é an tionscadal turasóireachta is costasaí a cruthaíodh riamh i dTuaisceart Éireann.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Titanic Belfast
Íomhá
Sonraí
CineálIonad tionóil agus díol spéise do thurasóirí
AiltireEric Kuhne
Foirgníocht2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla31 Márta 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBéal Feirste, Northern Ireland
Map
 54°36′30″N 5°54′35″W / 54.6083°N 5.9097°W / 54.6083; -5.9097
Gníomhaíocht
Cuairteoirí in aghaidh na bliana650,000
Suíomh gréasáin oifigiúiltitanicbelfast.com
Twitter: TitanicBelfast Cuir in eagar ar Wikidata

Tá scéal an Titanic go fóill ina ábhar suime, tubaiste agus diamhrachta ag daoine ar fud an domhain. Is mar gheall ar an spéis seo go raibh an togra ollmhór turasóireachta curtha ar bun i mBéal Feirste.

Ionad cuir in eagar

Is é atá i Titanic Belfast ná ionad cuairteoirí ollmhór 14,000 m. cearnach ina bhfuil naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí, a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.

 
D'oscail an foirgneamh sa bhliain 2012

Foirgneamh cuir in eagar

Tá dearadh an fhoirgnimh seo fíorshuntasach.[2] Rinneadh as 3,000 painéil alúmanam é agus tógadh é ar an áit ar rothlaigh an soitheach isteach san uisce don chéad uair. Tá an dearadh uathúil seo bunaithe ar chabhail an Titanic chomh maith le criostail oighir agus suaitheantas an White Star Line. Bhí ailtirí éagsúla freagrach as an dearadh agus as an tógáil, a thosaigh i 2009 agus a chosain £90 milliún, ina measc Eric Kuhne agus Mark Evans ó Civic Arts/Eric R. Kuhne & Associates chomh maith le Todd Architects.

Bhuaigh an tIonad an chéad áit sna World Travel Awards don bhliain 2016. Vótáil os cionn milliún duine as 216 tír don Ionad.

 

Stair cuir in eagar

D'oscail an foirgneamh sa bhliain 2012 in am don chomóradh céad bhliain ó cailleadh an Titanic. Tháinig an bunmhaoiniú (£20 milliún) ó dheontais Eorpacha bunaithe ar iarratais a rinne Bord Turasóireachta agus Roinn Trádála agus Infheistíochta Thuaisceart Éireann. Tháinig an maoiniú eile ó fhoinsí éagsúla ina measc: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a thug £10 milliún agus Coimisinéirí Chuan Bhéal Feirste agus an Comhlucht Forbartha Cheathrú an Titanic, a thug breis is £10 milliún an ceann chomh maith.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Tubaiste eile i nDán don Titanic?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  2. "Tubaiste eile i nDán don Titanic?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-04-10.