Toirdhealbhach Ua Conchobhair

rí Éireannach

Ard-Rí ar Éirinn ó 1119 go 1156 ab ea Toirdhealbhach mac Ruaidhrí Ua Conchobhair. Chaith sé trëimhse fada mar ard-rí, 37 bliain go dtí 1156.[1]

Infotaula de personaToirdhealbhach Ua Conchobhair
Beathaisnéis
Breith1088 (Féilire Ghréagóra)
Cúige Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1156 (Féilire Ghréagóra)
67/68 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois
Eile
Teideal uasalArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachÓ Conchubhair Donn Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDurcloulagh O'Mulroony (en) Aistrigh
Tailltin O'Melaghlin (en) Aistrigh
Dearbhfhorghaill Nic Lochlainn (1131 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCathal Crobhdhearg Ó Conchúir
 ( Dearbhfhorghaill Nic Lochlainn)
Brian Luighnech Ua Conchobhair
 ( )
Maghnus Ua Conchobair
 ( )
Mór Ní Conchobair
 ( )
Muirchertach Muimhnech Ua Conchobair
 ( )
Brian Breifneach Ua Conchobair
 ( )
Aedh Dall Ua Conchobair
 ( )
Domhnall Mór Mideach Ua Conchobhair
 ( )
Ruaidrí mac Tairrdelbach Ua Conchobair
 ( Tailltin O'Melaghlin (en) Aistrigh)
Conchobair Ua Conchobair
 ( )
Máel Ísa Ua Conchobair
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRuairí Ó Conchúir
SiblínDomhnall Ó Conchúir agus Tadhg mac Ruairí Ó Conchúir

Find a Grave: 5887494 Cuir in eagar ar Wikidata
Cros Chongaː choimisiúnaigh Toirdhealbhach an bhachall a dhéanamh

Ríocht Chonnachta cuir in eagar

Rugadh Toirdhealbhach sa bhliain 1088 i gCúige Chonnachta. Ghabh sé an chumhacht i ríocht Chonnachta sa bhliain 1106, Tháinig sé i gcumhacht sa chúige trí chaisliú an tír agus polaitíocht glic. Rrinne sé socrú leis an ard-rí ag an t-am sin, Muircheartach Ua Briain ó Mumhan.

Nuair a tháinig tinneas ar Mhuircheartach sa bhliain 1114, bhí teideal an Ard-Rí le baint amach, agus rug Toirdhealbhach ar an bhfaill ag an am ceart. Mháirseáil sé ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1118 agus ghabh sé an chumhacht le lámh láidir.

Árd Rí na hÉireann cuir in eagar

 
cuireadh Toirdhealbach i gCluain Mhic Nóis

Tar éis bás Muircheartach Ua Briain in 1118, d’fhéach Toirdhealbhach chuige, ag Conradh Ghleann Maghair in 1118, go roinnfí Cúige Mumhan ina dhá chuid, Tuamhain agus Deasumhain. Mar sin, bhí Mumhan roinnte idir shliocht Ua Briain i dtuaisceart an chúige agus shliocht an Eógánacht i ndeisceart an chúige. Bhí Mumhain lagaithe dá bharr.

Choimisiúnaigh Toirdhealbhach Cros Chonga a dhéanamh sa bhliain 1123. Tá an bhachall ina sheoda iontach agus bhí an rí ag léiriú a shaibhreas agus a chumhacht trína hordú. Bhí sé ag maíomh gur chóir go mbeadh a hardeaspag féin ag Connachta, rud nach raibh ag an am sin. Trí phátrúnacht a thabhairt don eaglais ar an mbealach seo, d'fhéadfadh an rí a bheith ag súil le tacaíocht ón eaglais dá mhianta polaitiúla.[2]

In 1124 a thóg sé an dún ag bun abhainn na Gaillimhe (abhainn na Coiribe anois), cóngarach don áit inar tógadh an chathair chloiche ina dhiaidh sin.

Chuir Toirdhealbhach maoiniú ar fáil do go leor foirgneamh eile chomh maith, mar shampla an chéad ardeaglais i dTuaim agus mainistir Chonga.

 
Toirdhealbhach Ua Conchobhair, Ard Rí

Sna blianta in a dhiaidh 1140, bhí sé i gcoimhlint le Muircheartach Mac Lochlainn, rí Chineal Eoghain i gcríocha na hUí Néill sa tuaisceart. Choimead Toirdhealbhach a héileamh ar an ríocht. Ach i ndáiríre bhí Mac Lochlainn chomh cumhachtach leis faoin am seo.

Meath cuir in eagar

Sa bhliain 1154, briseadh fórsaí Toirdhealbach i gcogadh mara in aice Inis Eoghain, agus cailleadh ríocht Áth Cliath go Muircheartach Mac Lochlainn.[3]

Tháinig deireadh ré ina dhiaidh sin, áfach sa mhéid is gurbh é a mhac Ruairí, a bhí ina ard-rí gaelach deireanach ar an tír. Fuair Toirdhealbhach bás i 1156, in aois 68 bliain dó, agus cuireadh é i gCluain Mhic Nóis.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Gaillimh nó Luimneach? Toirdhealbhach Ua Conchobhar agus King John" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  2. "Cén Fáth a Rinneadh an Chros | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  3. "Turlough ‎Mór O'Conor (abt.1088-1156) | WikiTree FREE Family Tree". www.wikitree.com. Dáta rochtana: 2020-05-20.