Is speiceas cíobhaí é Tokoeka. Tá sé chomh mór leis an gCíobhaí Mór Breac, tríd is tríd, agus é dealraitheach leis an gCíobhaí Donn, cé go bhfuil sé níos dathéadroime. Is léir ón DNA is sine go raibh sé le fáil ar chósta thoir an Oileáin Theas tráth.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTokoeka
Apteryx australis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais2.208 kg (meáchan fásta, orgánach fireann)
2.535 kg (meáchan fásta, orgánach baineann) Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Leochaileach
UICN22678122 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdApterygiformes
FineApterygidae
GéineasApteryx
SpeiceasApteryx australis Cuir in eagar ar Wikidata
Shaw, 1813
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Ceantair eindéimeacha

Fospéiceas cuir in eagar

Tá cúpla fospeiceas ann:

  • Tokoeka Oileáin Stewart (Apteryx australis lawryi).
  • Tokoeka na gCaolsáilí Thuaidh (Apteryx australis ?) agus Tokoeka na gCaolsáilí Theas (Apteryx australis ?) in iardheisceart an Oileáin Theas.
  • Tokoeka Haast (Apteryx australis ?), an fospeiceas is teirce agus gan ann ach timpeall 300 éan. Tugadh aitheantas dó sa bhliain 1993. Le fáil i limistéar cúng iargúlta i Sléibhte Haast san Oileán Theas. Gob air atá níos cuaire ná mar is gnách, agus clúmh sách rua air.

Tagairtí cuir in eagar