Tomás Mac Síomóin

scoláire Éireannach

Scríbhneoir agus eolaí ba ea Tomás Mac Síomóin (1938- 17 Feabhra 2022), "a raibh cur chuige sainiúil aige agus a threabh a ghort féin beag beann ar fhaisin na linne".[1]. Foilsíodh ceithre leabhar filíochta dá chuid, maille le gearrscéalta, dánta scoite agus altanna iriseoireachta agus critice i nGaeilge, i mBéarla agus i Spáinnis foilsithe thall agus abhus. Aistríodh dánta dá chuid go Sorbais, Gearmáinis, Rúisis, Béarla agus Spáinnis.[2][3][4]

Infotaula de personaTomás Mac Síomóin
Beathaisnéis
Breith1938
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Feabhra 2022
83/84 bliana d'aois
València, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Tomás Mac Síomóin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1938. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre i Sraith an Iarthair.[5] Bhain sé céim amach san eolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Bitheolaí gairmiúil ba ea é, a bhí ina léachtóir ar feadh tamaill i gCorcaigh agus i nGaillimh. Chaith sé seal ag plé le taighde víreaseolaíochta san Ollainn agus sna Stáit Aontaithe. Bhí Dochtúireacht aige ó Ollscoil Cornell, Nua-Eabhrac.

Bhí sé ina léachtóir bitheolaíochta sa Choláiste Réigiúnach Shligigh, agus in Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chaoimhín, sula ndeachaigh sé go lánaimseartha le scríbhneoireacht.

Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán Anois sna nóchaidí agus ar an irisleabhar Comhar ó 1988 go dtí 1995.[3] Bhí ról lárnach aige san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse as ar eascair Teilifís na Gaeilge.[6]

Bhí cónaí air sa Chatalóin ó na 1990idí ar aghaidh. Ba mhinic é ina thráchtaire agus ina thuairisceoir ar chúrsaí na Spáinne agus na Catalóine ar na meáin Ghaeilge, idir clóite agus craolta.[3]

Bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne air. Bhásaigh Tomás Mac Síomóin in Valencia ar 17 Feabhra 2022.

 

Saothar cuir in eagar

Foilsíodh dánta dá chuid ar Comhar, Feasta, Innti, Lug, agus ar The Lace Curtain.[7]

Bhí cnuasaigh filíochta, gearrscéalta agus úrscéalta scríofa aige, chomh maith le aistriúcháin ón Spáinnis déanta aige ar shaothair mhóra as an gCatalóin agus as Meiriceá Láir.[3]

Leis an bhfilíocht a chuaigh sé i dtosach agus foilsíodh ceithre chnuasach filíochta leis sular thug sé faoin bprós, Scian (1991), Cré agus Cláirseach (1983), Codarsnaí (1981) agus Damhna agus Dánta eile (1974).[6] Bhain sé duais ar ghearrscéalaíocht ag Oireachtas na bliana 1974 - an chéad uair, b'fhéidir, a bhuaigh dán duais mar ghearrscéal.[8]

I measc na n-úrscéalta a chum sé bhí An bhfuil Stacey ag iompar? (2011),  Ag Altóir an Diabhail (2003), Ceallaigh (2009), a scríobhadh i gCúba, agus An Tionscadal (2007),[9] a bhuaigh príomhdhuais liteartha an Oireachtais.

Bhuaigh sé duaiseanna liteartha an Oireachtais faoi dhó. Bhuaigh a chnuasach Cín Lae Seangáin agus Scéalta Eile príomhdhuais an Oireachtais don ghearrscéalaíocht. Bhain úrscéal dá chuid, An Tionscadal, príomhdhuais liteartha an Oireachtais 2006.

Cúrsaí sóisialta cuir in eagar

Bhreac sé a smaointe i leith cúrsaí sóisialta agus cultúrtha i gcúig leabhrán a foilsíodh idir 2004 agus 2006. Rinne sé cuid de na téamaí ab ansa leis a chíoradh sna leabhráin sin, stádas paradacsúil na Gaeilge, dán na teanga, an poblachtánachas agus duáilcí an nualiobrálachais.[6]

Phléigh sé lorg an choilíneachais ar mhuintir na hÉireann agus ceisteanna cultúrtha, féiniúlachta agus cumhachta i saothair neamhfhicsin eile amhail The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland (2014) agus The Gael becomes Irish: An Unfinished Odyssey (2020).

Foilseacháin cuir in eagar

Filíocht cuir in eagar

  • Scian (Sáirséal Ó Marcaigh, 1991)
  • Cré agus cláirseach (Sáirséal Ó Marcaigh, 1983)
  • Codarsnaí (Clódhanna Teo., 1981)
  • Damhna agus Dánta eile (Sáirséal & Dill, 1974)

I gcruth véarsaí, mar chluiche príobháideach, a léiríodh Tomás Mac Síomóin a choimhlintí pearsanta i gcónaí. Sna Stáit Aontaithe ba chrua an choimhlint agus is ansin, idir 1965 agus 1969, a cumadh an chuid is mó de na dánta seo. Eisceacht é an dán fada 'Damhna." I gCorcaigh agus i mBaile an Sceilg, 1969-70, a cumadh é seo. Scagadh atá ann ar an ngníomh fileata. Bíonn iarracht den fhéinghlanadh ag baint le cleachtadh na filíochta, a deir an t-údar. Ais é chun cuid de thaibhsí na hóige a dhíbirt.[10]

Gearrscéalta cuir in eagar

  • Cín Lae Seangáin agus Scéalta eile (Coiscéim, 2005)

Úrscéalta cuir in eagar

  • In inmhe (Coiscéim, 2004)
  • Ag altóir an diabhail: striptease spioradálta Bheartla B (Coiscéim, 2003)
  • An Tionscadal (Duais-úrscéal Oireachtas na Gaeilge 2006)[11][12]

Paimfléid cuir in eagar

  • Ó Mhársa go Magla: straitéis nua don Ghaeilge (Coiscéim, 2006)
  • Ceachtanna ón gCatalóin: teanga i ngleic le nualiobrálachas (Coiscéim, 2005)
  • Tuairisc ón bPluais: poblachtánachas agus litríocht in aois na scáth (Coiscéim, 2004)

Aistí cuir in eagar

  • Macallaí na Cásca, 1916: Leath-réabhlóid Paradacsa ait na Gaeilge (Coiscéim, 2006)
  • Ceachtanna ón gCatalóin ː Teanga i nGleic le Nualiobrálachas', Feasta - Meitheamh 2006

Aistriúcháin cuir in eagar

  • Na cathracha caillte (Coiscéim, 2004), aistriúcháin ar dánta Spáinnise Ernesto Cardenal
  • Selected poems /Tacar dánta (Goldsmith Press, 1984), cnuasach dhátheangach de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin roghnaithe agus aistrithe go Béarla i gcomhar le Douglas Sealy (chuir Tomás Mac Síomóin agus Sealy Béarla ar dhánta Mháirtín Uí Dhireáin).
  • Mo Chroí san Afraic (An Gúm, 2002), aistriúcháin El meu cor es diu Africa, (Victor Mora), in éineacht le Carl Mac Gabhann

Aistríodh saothair le Mac Síomóin féin go teangacha éagsúla, ina measc na Béarla, an Spáinnis agus an Chatalóinis.

Saothair i dteangacha eile cuir in eagar

  • Dánta i An Crann Faoi Bhláth-The Flowering Tree (Eag: Declan Kiberd agus Gabriel Fitzmaurice), Wolfhound, B.Á.C. 1991.
  • Das zweimaleins des Steins-Poesie aus Irland. Die horen. Bremerhaven. 1998 (filíocht)
  • Einsamkeit in Erkundungen-30 irische Erzähler. Verlag Volk und Welt. Berlin. 1979. (gearrscéal)

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-31.
  2. Agallamh le Tomás Mac Síomóin, 2010 ar Youtube
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2022-02-18). "Tomás Mac Siomóin, údar agus file, tar éis bháís" (as ga). 
  4. Mícheál Mac Aonghusa (2022-03-03). "Tomás Mac Síomóin (1938-2022)" (en-GB). Socialist Voice. Dáta rochtana: 2022-12-25.
  5. Gabriel Rosenstock, Seán Hutton (1993). "Na Grása agus Dánta Eile". Comhar 52 (7): 25. doi:10.2307/25572160. ISSN 0010-2369. 
  6. 6.0 6.1 6.2 "Tomás Mac Síomóin, scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie (18 Feabhra 2022). Dáta rochtana: 2022-02-18.
  7. Gabriel Rosenstock, Seán Hutton (1993). "Na Grása agus Dánta Eile". Comhar 52 (7): 25. doi:10.2307/25572160. ISSN 0010-2369. 
  8. Gabriel Rosenstock, Seán Hutton (1993). "Na Grása agus Dánta Eile". Comhar 52 (7): 25. doi:10.2307/25572160. ISSN 0010-2369. 
  9. "An Tionscadal - Tomas Mac Siomoin - 9786500009743". www.omahonys.ie. Dáta rochtana: 2022-12-25.
  10. Gabriel Rosenstock, Seán Hutton (1993). "Na Grása agus Dánta Eile". Comhar 52 (7): 25. doi:10.2307/25572160. ISSN 0010-2369. 
  11. Sliocht as an saothar a ghnóthaigh duais Oireachtas na Gaeilge don úrscéal 2006. (2007-09-27). "Cartlann Comhar: Tomás Mac Síomóin". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2022-02-18.
  12. Coise Life. "An Tionscadal". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2022-02-18.