Íomháú nó déanamh íomhánna trasghearrthacha, den chuid is mó i leith na colainne daonna i gcúrsai míochaine. Ciallaíonn toma sa bhfocal ‘trasghearradh’ sa Ghréigis. Tá córais éagsúla ann chun tomagrafaíocht a chur i gcrích, mar atá íomháú le hultrafuaim, íomháú le hathshondas maighnéadach núicléach, tomagrafaíocht ríomhaithe atá bunaithe ar X-ghathanna (CT X-ghathach), agus tomagrafaíocht le hastaíocht phosatrón. I ngach ceann, faightear íomhánna de shlisní trasghearrthacha de na fíocháin, rud a bhíonn fíorúsáideach i ndiagnóisiú an-chuid galar.[1]

Tomagrafaíocht

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tomaghrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 669.