Toraigh

baile fearainn i gContae Dhún na nGall

Oileán ar chósta na hÉireann is ea Toraigh.[1] Tá Toraigh ar cheann de cheithre oileán amach ó chósta Dhún na nGall ar a mbíonn daoine ina gcónaí i rith na bliana (is iad Árainn Mhór, Inis Fraoch agus Oileán Ruaidh na hoileáin eile).[2] Gaeilge is mó a labhraítear ar an oileán agus tá canúint shainiúil dá chuid féin aige.[3]

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachToraigh
(en) Tory Island Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa hOileáin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie14500 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Dhún na nGall, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 55°15′N 8°13′W / 55.25°N 8.22°W / 55.25; -8.22
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar3 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Croineolaíocht
1608 Léigear Oileán Thoraí Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Deirtear gurbh i dToraigh a bhí cónaí ar Rí na bhFomórach, Balar dar leis an mhiotaseolaíocht, agus is iomaí tagairt a dhéantar dó féin agus do Lugh Lámhfhada i mbéaloideas Thír Chonaill. Luaitear Colm Cille leis an oileán fosta.

 

An t-oileán sa lá atá inniu ann cuir in eagar

 

Tá an t-oileán timpeall 5km ar fhad agus 1km ar leithead, agus tá cónaí ar thimpeall is 180 duine ann.[4] Ceithre shráidbhaile atá ann: An Baile Thoir, An Baile Thiar, An Lár agus Úrbhaile, ach is iad an Baile Thiar agus an Baile Thoir na príomhbhailte. Is sa Bhaile Thiar atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir an oileáin agus is ann atá an bhunscoil agus an mheánscoil, an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an t-óstán, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn suite.

 

Ó chaith an t-ealaíontóir Sasanach Derek Hill seal ar Thoraigh tá scaifte ealaíontóirí clúiteacha de chuid an oileáin féin tagtha ar an bhfód.

Is é Tor Mór an pointe is airde ar Thoraigh agus is cosúil gur air atá ainm an oileáin bunaithe. Ar nós oileán eile ar chósta na hÉireann (An Blascaod mar shampla) bhí agus tá a rí féin tofa ag muintir Thoraigh. Ba é Patsaí Dan Mac Ruairí rí an oileán sula fuair sé bás i 2018.

Is minic a bhíonn an t-oileán scartha ó thír mór le linn stoirmeacha an gheimhridh mar nach bhfuil aerfort ar bith ann, ach tá seirbhís fharantóireachta ag freastal air as cósta Thír Chonaill. Tá iarsmaí stairiúla agus seandálaíochta ar Thoraigh agus méadú ag teacht ar thionscal na turasóireachta. Ba ar an iascaireacht a mhair na daoine ó thús ama, agus gliomaigh agus crúbóga is mó a dhéanann airgead do na hiascairí.

 
 
Cros "Tau"

Litríocht agus amhránaíocht cuir in eagar

Scríobh an tAthair Eoghan Ó Colm leabhar bunaithe ar a sheal san oileán, Toraigh na dTonn inar bhfuil cur síos ar sheanchas agus ar shlí bheatha na ndaoine. Bhailigh Coslett Ó Cuinn sagart de chuid Eaglais na hÉireann, béaloideas ar an oileán, agus bhí tóir ag Clannad ar na hamhráin, mar atá ag Lillis Ó Laoire.

Is seanamhrán ó Chontae Dhún na nGall é Báidín Fheilimí, agus is é is ábhar don amhrán ná an dóigh ar briseadh bád beag in Oileán Thoraí.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Toraigh/Tory Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Toraigh/Tory Island" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  3. "Welcome to…". web.archive.org (2016-06-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-06. Dáta rochtana: 2020-10-03.
  4. Anne Marie Nic Ruaidhrí. "Toraigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-10-03.