Is é is Trümmerliteratur ann ná focal Gearmáinise a chiallaíonn litríocht na bhfothrach. Tagraíonn sé don chineál litríochta a scríobhadh in Iarthar na Gearmáine go gairid i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus na scríbhneoirí ag athshealbhú a dteanga dúchais ó na Naitsithe. Téamaí tábhachtacha iad sa litríocht seo an dóigh a gcaithfeadh muintir na Gearmáine a gcuid luachanna a athluacháil tar éis imeacht an Naitsíochais; an léirscrios a rinne an cogadh ar an tír; agus na chéad iarrachtaí chun an tír a atógáil. Stíl shimplí ar bheagán focal is dual don chineál seo litríochta. Bhí an-tionchar ag gearrscéalaíocht comhaimseartha na Stát Aontaithe ar an Trümmerliteratur. Scríbhneoirí tábhachtacha ab ea Wolfgang Borchert, Heinrich Böll, Günter Eich, Erich Kästner, Arno Schmidt, Wolfdietrich Schnurre, agus Elisabeth Langgässer.