Feiniméan a tharlaíonn san fhisic nuair a théann dhá thonn den mhinicíocht chéanna, nó minicíochtaí an-ghar dá chéile, trí phointe ag an am céanna. Forshuíonn an dá thonn ar a chéile, agus is ionann a dtarlaíonn is suimiú an dá thonn ag gach meandar. Braitheann an patrún trasnaíochta ar phais choibhneasta na dtonnta. Iarmhairtí trasnaíochta is ea béimeanna san fhuaim agus díraonadh san fhuaim is an solas. Chun trasnaíocht a bhrath le solas, is gá solas ar dhath amháin (tonnfhad amháin) ó fhoinse amháin a chur trí dhá scoiltín chomhthreomhara i mbac teimhneach, agus an dá chuid a thagann trí na scoiltíní a chaitheamh ar scáileán. Feictear frainsí comhthreomhara dorcha is geala ar an scáileán, ag léiriú trasnaíochta cuidithí (frainse geal) mar a mbíonn an dá thonn ón dá scoiltín i bpas le chéile, agus trasnaíocht mhillteach (frainsí dorcha) mar a mbíonn an dá thonn leath-thonnfhad as comhphas. Rinne an fisiceoir Sasanach Thomas Young an turgnamh seo den chéad uair i 1801, léiriú cumasach ar nádúr tonnach an tsolais.[1]

Beochan a thaispeánann an chaoi a gcuireann dhá thonn reatha isteach ar a chéile chun patrún tonn sheasta a chruthú

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Trasnaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 674.