Is é atá i gceist le trasphlandú croí, go dtugtar croí maith láidir do dhuine a bhfuil droch-chroí aige. Tagann an croí sláintiúil ó dhuine a fuair bás.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarTrasphlandú croí
cuir in eagar
CineálTrasphlandú orgán Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighiscairdeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
eMedicine429816 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKcardiac-transplant Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD016027 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0018823 Cuir in eagar ar Wikidata

Sa lá atá inniu ann, faigheann thart ar 3,500 duine trasphlandú croí ar fud an domhain gach bliain. Bíonn saol maith sláintiúil ag go leor acu ina dhiaidh sin. Maireann cuid acu níos mó ná 30 bliain agus croí duine eile ag preabadh iontu!

Bíonn cead de dhíth roimh ré ón duine féin nó óna theaghlach, de ghnáth.

Stair cuir in eagar

 
Othar sa bhliain 2018

Rinneadh an chéad trasphlandú oscailte croí ar an 3 Nollaig 1967. Ba é Louis Washkansky an chéad duine a fuair trasphlandú croí. Ba as an Afraic Theas dó agus d’éirigh sé an-tinn le galar croí agus gan é ach 54 bliain d’aois.

 

Bhí Washkansky ar leaba a bháis nuair a luaigh máinlia trasphlandú croí leis. An Dochtúir Christiaan Barnard an t-ainm a bhí ar an máinlia agus bhí sé cinnte go bhféadfadh sé an obráid a dhéanamh. Nuair a fuair sé amach faoi chás Louis Washkansky, d’fhiafraigh sé de ar mhaith leis triail a bhaint as croí duine éigin eile a bheith aige.

Ar bhealach, ní raibh an dara rogha ag Washkansky. Leis an obráid a dhéanamh, bhí croí duine eile ag teastáil. Tháinig an deis nuair a fuair bean óg darbh ainm Denise Darvall bás go tubaisteach i dtimpiste chairr.

Chuir Christiaan Barnard foireann de 30 duine le chéile leis an obráid a dhéanamh. Mhair an obráid 5 uair an chloig agus d’éirigh go geal leis. Nuair a bhí sé thart, bhí croí Denise ag preabadh i gcorp Louis gan stró.

Fuair an t-othar bás 18 lá níos déanaí i ndiaidh dó dul faoi scian mar gheall ar aimhréidheanna; ní raibh drugaí ann ag an am chun diúltú an chroí a sheachaint

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. cogg.ie. "Trasphlandú Croí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2020.

Naisc sheachtracha cuir in eagar