Is éard is trasphlandú orgán ann ná aistriú orgáin nó fíocháin ó dhuine amháin chuig duine eile mar chóir leighis.

duán trasphlandaithe in 2019

Muna leathphéire comhionann leis an deontóir an faighteoir, spreagann an nódú seo frithghníomh imdhíonach, chomh dian go bhféadfaidh sé an fíochán trasphlandaithe a mhilleadh go hiomlán.

Tarlaíonn an frithghníomh seo de bharr próitéiní coimhthíocha a thabhairt isteach don fhaighteoir. Is féidir é a rialú a bheag nó a mhór le drugaí imdhíonathoirmiscthe, agus is lú é i gcomhréir dhíreach le dlúithe an ghaoil idir deontóir is faighteoir.

2012

Trasphlandaíodh na fíocháin is na horgáin seo go rathúil: fuil is fochoda na fola, smior cnáimhe, duán, ae, croí, is scamhóga i gcásanna cliseadh géar orgán.

Faightear fíochán le trasphlandú ó dheontóirí beo is corpáin chuí.

Stair cuir in eagar

Tá an choirne, i dtosach na súile, á trasphlandú ó na 1930idí, ach sa chás seo níl aon cheist go dtarlóidh frithghníomh imdhíonach.

 
trasphlandú ae (ar chlé)

Is féidir coirní a choinneáil i mbainc stórála is a úsáid chun daille de bharr dochair do thosach na súile, mar a tharlaíonn i gcatarachtaí, a leigheas.

Rinneadh an chéad trasphlandú croí ar an 3 Nollaig 1967.

Príomhalt: trasphlandú croí

Ní hé an croí an t-aon rud amháin is féidir a thrasphlandú anois, áfach. Is féidir duán, scamhóg, ae, lámh agus fiú aghaidh a thrasphlandú chomh maith.

Sa bhliain 2005, ba í an Francach Isabelle Dinoire an chéad duine ar domhan a fuair trasphlandú aghaidhe tar éis do mhadra ionsaí fíochmhar a dhéanamh uirthi. Mhair Isabelle ar feadh aon bhliain déag i ndiaidh di an trasphlandú a fháil agus tá breis agus 20 trasphlandú aghaidhe déanta ar dhaoine eile ar fud an domhain ó shin.

Is iontach an dul chun cinn atá déanta maidir le trasphlandú le blianta beaga anuas.[1] Tá go leor daoine ar fud an domhain anois a bheadh marbh gan trasphlandú a fháil. Tá daoine eile ann, nach raibh i mbaol báis b’fhéidir, ach a bhfuil saol níos fearr acu mar go bhfuair siad trasphlandú.[2]

Strongyloides-stercoralis agus trasphlandú orgán

In Éirinn cuir in eagar

Reáchtáiltear "An tSeachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán" in Éirinn san Earrach gach bliain.[3][4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. cogg.ie. "Trasphlandú Croí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2020.
  2. HSE. "Deonú agus Trasphlandú Orgán Éireann - Organ Donation and Transplant Ireland" (en). HSE.ie. Dáta rochtana: 2022-04-22.
  3. Hussey, Matt (2011). "Trasphlandú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 675.
  4. "Irish Kidney Association – Ireland's Charitable Renal Patient Association" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-04-22.