Treasa Ní Cheannabháin

amhránaí Éireannach agus gníomhaí ar son na Palaistíne

Rugadh agus tógadh Treasa Ní Cheannabháin i gCill Chiaráin i gConamara, ach tá sí ina cónaí le roinnt mhaith blianta anois i mBearna. Chaith sí an chuid is mó dá saol ag múineadh scoile.

Infotaula de personaTreasa Ní Cheannabháin
Beathaisnéis
Breith1953
70/71 bliana d'aois
Cill Chiaráin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
UirlisCeol gutha
Teaghlach
PáisteRóisín Elsafty, Naisrín Elsafty Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: c5b96e5f-2984-4e88-8344-ca0024b6c479 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sí ag casadh amhráin ó bhí sí ina cailín beag bídeach agus chuir sí suim mhór san amhránaíocht ar an sean nós i dtús na 70óidí nuair a chuaigh sí ag an Oireachtas i mBaile Átha Cliath.

Bhain sí amach a lán duaiseanna san amhránaíocht ar an Sean Nós, ag féilte, fleadhanna agus an t-Oireachtas. Bhuaigh sí Corn na mBan i 1995 agus an dara h-áit i gCorn Uí Riada sa mbliain céanna. Tá go leor ceárdlainn amhránaíocht ar an Sean Nós tugtha aici ag féilte síos thríd na blianta. Ina measc; scoil Acla, Féile Joe Éiniú, Scoil Dhúglais De hÍde agus thar lear.

Tá Treasa pósta le Dr. Elsafty ón Éigipt. Tá triúr iníon agus mac amháin acu agus tá amhráin ar an sean nós ar a dtoil ag na cailíní (féach ar Róisín Elsafty agus Naisrín Elsafty) agus duaiseanna bainte amach acu ag ríar mhaith féilte agus fleadhanna ó bhí siad an–óg.

Gníomhaí ar son chearta an duine cuir in eagar

Is gníomhaí cearta daonna í Treasa Ní Cheannabháin agus tá go leor dá h-ama tugtha aici chun aird a tharraingt ar chas truamhéileach na bPalistinigh agus tugann sí turais rialta don Phalaistín go h-airid go Gaza. Tá amhráin cumta ag Treasa Ní Cheannabháin faoin Iaráic agus an Phalaistín. Sa bhliain 2008 coinneáladh Treasa Ní Cheannabháin agus a iníon, Naisrín Elsafty, tamall i n Gaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[1]

Dioscliosta cuir in eagar

  • Irlande: L’art du Sean-Nós, Róisín Elsafty & Treasa Ní Cheannabháin (Buda Musique 92711-2)

Scannánliosta cuir in eagar

Teilifís
Bliain Teideal Ról Nótaí
2014 An Bronntanas Mary

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar