Iar-Easpag Luimnigh agus Choill an Lao de chuid Eaglais na hÉireann is ea Trevor Williams (a rugadh 1948).

Infotaula de personaTrevor Williams

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1948
75/76 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais na hÉireann
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Coláiste Naomh Aindriú Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirEaglais na hÉireann
BBC Cuir in eagar ar Wikidata

Tús lena shaol gairme cuir in eagar

Rugadh Williams i mBaile Átha Cliath, Éire agus fuair sé a chuid oideachais i Choláiste Naomh Aindriú, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus St John's College, Nottingham. Rinne deagánach de sa bhliain 1974 agus ina shagart sa bhliain 1975. Ó 1974-77 d 'fhóin sé mar shéiplíneach ag St Andrew's agus St. Mary's, Maidenhead, Deoise Oxford. Bhog sé go Tuaisceart Éireann le bheith ina Séiplíneach Cúnta ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Ó 1981 go 1988, bhí sé ina leiritheoir craoltaí reiligiúnacha ar BBC Raidió Uladh. Tar éis seo, d'fhóin sé mar reachtaire ag St John's, sa Chaisleán Nua, Contae an Dúin, go dtí 1993.

Bhí Williams ina cheannaire ar an Corrymeela Community, grúpa Chríostaí tiomanta do chur chun cinn na síochána agus an athmhuintearais i dTuaisceart na hÉireann, ó 1994 go 2003. Ceapadh é ina chanónach d'Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha, Sa bhliain 2002 agus 2003 d'fhreastail sé mar reachtaire de ' Holy Trinity and St Silas with Immanuel' i dtuaisceart Bhéal Feirste, i nDeoise Choinnire .

Obair reatha cuir in eagar

Toghadh Williams ina Easpag Luimnigh agus Choill an Lao de chuid Eaglais na hÉireannar an 6 Bealtaine ar an 6 Bealtaine 2008[1] agus coisriceadh é ina easpag ar an 11 iúil 2008.

Bhí an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa i measc iad siúd a bhí i láthair ag an searmanas ag Ard-Eaglais Chríost i mBaile Átha Cliath.[2][3]

Eile cuir in eagar

Chomh maith le bheith ag obair mar easpag na deoise, coinníonn Williams spéis ghníomhach in obair athmhuintearais i dTuaisceart na hÉireann. Le déanaí, i gcomhar le ceithre cinn eile chléir ó thuaisceart Bhéal Feirste, ghríosaigh sé ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann níos mó acmhainní a chur i gClár an Rialtais agus aghaidh a thabhairt ar fhadh an tseicteachais . 

Saol pearsanta cuir in eagar

Tá Williams pósta le Joyce (née Milne) agus tá trí mhac fásta acu. Óibríonn Joyce mar riarthóir leis an Churches Community Work Alliance. Mar chaitheamh aimsireIna, thaitníonn seoltóireacht agus carrmheicnic leis.[4]

Tagairtí cuir in eagar