Triail múinteoir meánscoile, John Thomas Scopes, i stát Tennessee, SAM i 1925 ab ea Triail Scopes. Cuireadh i leith Scopes gur mhúin sé an éabhlóid bhitheolaíoch ina rang, rud a bhris dlí sa stát sin a shainordaigh go múinfí scéal litriúil an chruthaithe de réir an Bhíobla amháin. B'ócáid mhór phoiblí an triail, agus craobhscaoileadh í ar an raidió, fiú. De bhrí gur ghlac cuid mhaith daoine go raibh comhshinsir ag daoine is moncaithe, tugadh triail na moncaithe uirthi. Fuarthas Scopes ciontach agus gearradh fíneáil $100 air. Níor aisghairmeadh an dlí sin go dtí 1967.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTriail Scopes
Map
 35°29′42″N 85°00′46″W / 35.494927777778°N 85.012675°W / 35.494927777778; -85.012675
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTennessee, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
CúirtTennessee Cuir in eagar ar Wikidata
BreitheamhJohn T. Raulston (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Triail Scopes". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.