Cur isteach ábhar dochrach, go díreach nó go hindíreach, sa chomhshaol is ea truailliú. Braitheann déine an truaillithe ar nádúr is méid an truailleáin, agus an láthair ina dtarlaíonn sé.

Truailliú (Poblacht Dhaonlathach an Chongó)

Éiríonn leasuithe talún ina dtruailleáin nuair a úsáidtear farasbarr díobh agus a bhíonn siad tiubhaithe i rith uisce isteach i srutháin, ionas go maraítear éisc ann.

Bíonn saghsanna éagsúla truaillithe ann, ina measc,

  • truailliú an aeir (mar shampla, báisteach aigéadach, deatach san aer, sceithgháis inneall, astitim radaighníomhach),
  • truailliú an uisce úir (mar shampla, scaoileadh eisiltigh cheimicigh nó radaighníomhaigh ó thionscail isteach in aibhneacha, rith leasuithe talún i srutháin is locha),
  • truailliú na mara (mar shampla, doirteadh ola ó thancaeir, dumpáil ábhar plaisteach ó loingseoireacht),
  • truailliú torainn (mar shampla, torann aerárthach is tógála),
  • truailliú na talún (mar shampla, dumpáil ábhar tocsaineach nó baolach sa talamh), truailliú radharcach (tógáil i láthair álainn),
  • truailliú an spáis (mar shampla, satailítí ídithe is blúirí satailíte ina mílte i bhfithisí timpeall an Domhain),

agus a lán eile.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Truailliú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 680.