Tubaiste a tharla i rith chluiche sacair i Hillsborough, Sheffield, Sasana ab ea Tubaiste Hillsborough. Bhí Liverpool F.C. ag imirt i gcoinne Nottingham Forest F.C. i gcluiche leathcheannais an Corn FA, ar 15 Aibreán 1989, in Hillsborough (staid Sheffield Wednesday F.C). D'éag sé dhuine is nócha nuair a tháinig an iomarca daoine isteach sa staid ag an am céanna. Chuir an réiteoir deireadh leis an gcluiche ag 3:06, nuair a thosaigh daoine gortaithe ag teacht amach ar an bpáirc.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Hillsborough
Íomhá
Map
 53°24′41″N 1°30′06″W / 53.4115°N 1.5016°W / 53.4115; -1.5016
Cineáltáinrith
tubaiste Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Aibreán 1989 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHillsborough Stadium, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Cúiscrowd collapses and crushes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna97 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe766 Cuir in eagar ar Wikidata
1991

Lucht leanúna fhoireann Learphoill uilig a maraíodh mar gur ar a dtaobh sin den staid sacair a tharla an brú agus an tsatailt.

Tar éis na tubaiste, cuireadh cosc ar bhacainne i staideanna sacair.

Hillsborough

Fiosrúcháin cuir in eagar

Is iomaí slí a chuaigh sé sin i gcion ar na dlíthe de chuid Shasana agus na Breataine Bige agus de chuid áiteanna eile. Bhí an iliomad fiosrúchán, ionchoisní, athbhreithnithe, cásanna dlí agus ionchúiseamh thar na blianta dá bharr sin.

Ar an 28 Márta 1991, tháinig giúiré 9-2 ar chinneadh “bás tionóisceach”.[1] Ní raibh ceachtar den dá thaobh sásta leis an mbreith. lean an chonspóid ar aghaidh ar feadh na mblianta.

 
Tubaiste Hillsborough

Ar an 26 Aibreán 2016, rialaigh an coiste cróinéara i Warrington gur "marú mídhleathach" a bhí ann agus nach raibh locht ar bith le cur ar lucht leanta Liverpool[2]. I measc na gcúiseanna ar rialaigh an giúré ina leith, bhí gur botúin phleanála de chuid na bpóilíní, ar an lá, a chuir go mór leis an tubaiste.[3]

Dliteanas cuir in eagar

Thug an tubaiste comhthéacs do chinntí de chuid Theach na dTiarnaí, go háirithe sna cásanna Alock agus Bland,[4] maidir leis an méid dliteanais atá ann i dtaobh gortú síciatrach agus deireadh a chur le saol duine a bhí i riocht seasta gan chiall gan chéadfaí.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Hillsborough deaths ruled 'accidental'" (en). UPI. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  2. Nuacht RTÉ (2016-04-26). "Marú mídhleathach ba chúis le bás 96 duine i Hillsborough i 1989" (as en). 
  3. Financial Times (2016). ""Unlawful killing verdict"". www.ft.com. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  4. 'Alcock v Chief Constable of South Yorkshire Police [1992] 1 AC 310 agus Airedale NHS Trust v Bland [1993] AC 789
  5. Scoil Dlí, COBÁC. "Tubaiste Hillsborough". Dáta rochtana: 2021.