Is éard atá i dTubaiste Stardust ná dóiteán a tharla ag club oíche Stardust in Ard Aidhin, Contae Bhaile Átha Cliath, ar 14 Feabhra 1981 ; maraíodh ocht nduine agus dhá scór (agus gortaíodh 214 duine) de bharr dóiteáin sa chlub oíche. Bhí 841 duine i láthair ag an dioscó, a tharla ar Lá Fhéile Vailintín.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Stardust
Íomhá
Map
 53°23′N 6°13′W / 53.38°N 6.21°W / 53.38; -6.21
Cineáltine struchtúr Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí na doirse éalaithe faoi ghlas agus an tsábháilteacht dóiteáin i gceist, Fuarthas os cionn fiche corp in aice le doirse éalaithe i ndiaidh an dóiteáin.[1] Ach fuair na húinéirí cúiteamh breá. Mar sin tharraing an tragóid conspóid agus fiosrúcháin go leor le linn na mblianta.

Léarscáilː bhí na doirse éalaithe faoi ghlas

Fiosrúcháin cuir in eagar

1981

Bhí an Breitheamh Ronan Keane i gceannas ar fhiosrúchán poiblí Stardust ag an am. Ba leis an bainisteoir Éamon Butterly agus daoine eile óna theaghlach an Stardust nuair a tharla an dóiteán.

Measadh go raibh "dó mailíseach" i gceist. Mar sin saoradh ó gach cúis muintir Butterly.[2] agus fuair siad cúiteamh as an damáiste, IRL 581,000.[3]

1986

Reáchtáladh an Victims Compensation Tribunal agus an breitheamh Donal Barrington i mbun,

2008

Ar an 22 Meán Fómhair 2008, bhí tús curtha le fiosrúchán neamhspleách féachaint ar cheart an fiosrúchán poiblí maidir le dóiteán an Stardust a athoscailt.[4] Ach níor tharla faic.

2017

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil gur cheart Coimisiún Fiosrúcháin a bhunú faoin dóiteán.[5]

2022

Sa bhliain 2022, d'iarr Éamon Butterly, ar an Ard-Chúirt ordú a thabhairt nach mbeadh cead ag giúiré an choiste cróinéara a rialú go raibh marú neamhdhleathach i gceist. Bhí sé á mhaíomh ag Butterly gur air féin a leagfaí an milleán dá rialófaí go raibh marú neamhdhleathach i gceist.[6]

Chuir gaolta na marbh agus an cróinéir in aghaidh iarratas Éamoin Butterly. Agus bhí an bua leo... rialaigh an breitheamh go raibh cead ag giúiré fíorasc mar é a dhearbhú ar acht nach leagfaí an marú ar aon duine ar leith. Is faoin gcróinéir féin atá sé treoir a thabhairt don ghiúiré maidir leis an bhfíorasc, a dúirt an breitheamh ag an am.[6]

2023

Cuireadh tús le hionchoisne nua faoi thubaiste an Stardust ar 25 Aibreán 2023, an t-ionchoisne is mó riamh sa Stát.[7][8] Tháinig an coiste cróinéara le chéile ceithre lá sa tseachtain agus chuir gaolta na marbh, saineolaithe agus finnéithe éagsúla eile fianaise os a gcomhair. Ar ócáid amháin, taispeánadh léaráid don choiste cróinéara de gach ball den chlub oíche ina bhfuarthas na coirp. De réir na léaráide, is in aice le trí dhoras éalaithe a fuarthas a leath acu..[1]

Tugadh fianaise go raibh doirse Stardust faoi ghlas nuair a chuaigh an club oíche trí thine; bhí glas fraincín ar na doirse. (Dúirt Michael Kavanagh leis na Gardaí agus leis na meáin i 1981 go raibh na bealaí éalaithe éigeandála ar oscailt nuair a chuaigh an club trí thine. Ach tharraing sé an ráiteas siar ina dhiaidh. Dúirt sé gur nuair a tharla an tragóid, gur bhraith sé go ndearnadh ceap milleáin dó).[9]

Cuimhneacháin

Féach freisin cuir in eagar

 
Páirc Chuimhneacháin Stardust,

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Finné - Scéal Lisa Lawlor ː ní raibh sí ach seacht mí dhéag nuair a fágadh ina dílleachta í tar éis dá máthair agus dá hathair bás a fháil i dtragóid an Stardust.[10][11]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-10-04). "Stardust: 'leath de na coirp faighte in aice le doirse éalaithe'" (as ga-IE). 
  2. Irish Times (2017). "Families unable to sue but Stardust owners took £3m claim - Finding of probable arson stopped relatives suing club owners and operators for alleged negligence." (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-02-14.
  3. Aoife Moore (2020-07-17). "The fighting life of Christine Keegan" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-02-14.
  4. Nuacht RTÉ (2008-09-22). "Cinnlínte Nuachta" (as en). 
  5. Nuacht RTÉ (2017-01-25). "Coimsiún Fiosrúcháin faoi thubaiste Stardust á phlé" (as ga). 
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2022-11-02). "Iarratas ó iarbhainisteoir an Stardust caite amach san Ard-Chúirt" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2022-11-23). "Stardust: 20 seachtain eile sula gcuirfear tús le hionchoisne nua" (as ga). 
  8. Nuacht RTÉ (2023-04-25). "Stardust: ní dhéanfaidh máthair dearmad "ar an bhfuarchúis"" (as ga-IE). 
  9. Nuacht RTÉ (2023-11-10). ""Glas fraincín ar dhoirse Stardust nuair a chuaigh sé trí thine"" (as ga-IE). 
  10. "Finné: Sraith nua ag tosú ar TG4 anocht" (as ga) (2022-02-03). 
  11. "Finné - Lisa Lawlor | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as ga-IE) .