Téarma ginearálta ar staid shíceolaíoch imeagla nó cumha a tharlaíonn i ndiaidh taisme tobainne, tubaiste nó báis. Sa mhíochaine, is staid chliniciúil í ina mbíonn brú is imshruthú na fola róbheag chun an inchinn is na horgáin eile a choinneáil ag feidhmiú. Is féidir go dtarlóidh sí mar gheall ar chailliúint fola, caidéalú easnamhach na fola ag an gcroí, nó toilleadh na bhfuileadán a mhéadú go tobann chun gur féidir leo i bhfad níos mó fola a chuimsiú ná mar is gnách. Má tharlaíonn cur trom fola i ndiaidh tráma, is féidir go dtarlóidh turraing mar nach leor gnáthchrapadh na bhfuileadán chun an chailliúnt i dtoirt na fola a chúiteamh. Is féidir go dtarlóidh teip i gcoinneáil an bhrú fola is gá mar thoradh ar theip ghéar an chroí de bharr ionfharchtaidh mhiócairdiach. Uaireanta tarlaíonn leathadh mínormálta na bhfuileadán de bharr seipticéime, agus titeann brú na fola dá thoradh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Turraing". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 683.